Ráiteas Inrochtaineachta an Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil

Tá Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil tiomanta dá suíomh Gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Láithreán Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach Comhlachtaí den Earnáil Phoiblí) 2020.

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le hábhar a fhoilsítear ar www.ocei.ie

Stádas Comhlíonta

Comhlíonann an suíomh Gréasáin seo go páirteach na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.1 leibhéal AA, mar gheall ar an ábhar neamh-inrochtana atá liostaithe thíos.

Ábhar neamh-inrochtana

Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn maidir le hinrochtaineacht, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag AccessOfficer@ombudsman.ie. Déanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh aon ábhar atá á lorg agat curtha ar fáil agus inrochtana.

Táimid ag obair chun feabhas a chur ar chomhlíonadh inrochtaineachta ár suíomh Gréasáin agus déanfaimid iarracht gach caighdeán inrochtaineachta a chur i bhfeidhm ar ábhar a bhítear á fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin.

Níl codanna de shuíomh Gréasáin an Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil inrochtana go hiomlán. Mar shampla:

  • Táblaí: Níl ceanntásca sainmhínithe i gceart ag táblaí áirithe i bhfoilseacháin.
  • PDFanna: Níl rochtain iomlán ar roinnt doiciméad i bhformáid PDF, agus d’fhéadfadh go mbeadh ord cluaisíní nó ceannteidil ceart in easnamh orthu i gcásanna áirithe.
  • PDFanna: d’fhéadfadh sé nach mbeadh rochtain iomlán ar roinnt ábhar in aguisíní tuarascálacha, mar dhoiciméid scanta
  • PDFanna: Níl clibeanna struchtúracha ar bith i roinnt doiciméad
  • Íomhánna: Tá coibhéisí téacs áirithe in easnamh
  • Íomhánna: tá téacs ag gach íomhá ach níl a dhóthain eolas tuairisciúil ann i gcuid acu
  • Ní neadaítear líon beag rialuithe idirghníomhacha

Ní liosta uileghabhálach é seo d’ábhar neamh-inrochtana agus oibreoimid tríothu seo agus saincheisteanna eile chun aghaidh a thabhairt orthu.

Tá dhá mhír oibre á ndéanamh ag Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil chun inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo a fheabhsú:

1. Tá an fhoireann ag athbhreithniú agus ag feabhsú inrochtaineacht gach PDF ar bhonn leanúnach

2. Tá Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil i dteagmháil lenár bhforbróirí suíomh gréasáin chun dearadh agus inrochtaineacht ár suíomh gréasáin a fheabhsú

Ábhar díolmhaithe

Tá ábhar a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe faoi Threoir an AE maidir le hInrochtaineacht gréasáin. Tá Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil tiomanta do chinntiú go bhfuil ár n-ábhar go léir chomh inrochtana agus is féidir. Déan teagmháil le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil le do thoil má tá aon ábhar dorochtana a foilsíodh ar ár suíomh roimh Mheán Fómhair 2018 ar mian leat a fháil i bhformáid inrochtana agus déanfaimid ár ndícheall cabhrú leat.

Ullmhúchán an ráitis inrochtaineachta seo

Mar ullmhúchán don ráiteas seo rinne Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil meastóireacht ar chomhlíonadh an tsuímh Ghréasáin le ceanglais Threoir (AE) 2016/2102 trí fhéinmheasúnú a rinne Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil i gcoinne WCAG 2.1

Athbhreithníodh an ráiteas an 28 Aibreán 2022.

D'aithin an t-athbhreithniú seo roinnt saincheisteanna a réitíodh ó shin.

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Tá Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an suíomh ghréasáin seo.

Má tá tuairim nó gearán agat faoi inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo, seol ríomhphost chugainn le do thoil ag AccessOfficer@ombudsman.ie

Más mian leat ábhar ar leith i bhformáid inrochtana, cuir na sonraí seo a leanas san áireamh le do thoil:

  • An fhormáid atá ag teastáil uait
  • An t-ábhar is mian leat a fháil (cuir seoladh gréasáin an ábhair san áireamh le do thoil)
  • D'ainm agus do sheoladh ríomhphoist

Déanfaimid gach iarracht réasúnach chun d'iarratas a chomhlíonadh.

Oifigeach Rochtana

Déantar seirbhísí nó saoráidí áirithe ‘intí’ a chomhroinnt le hOifig an Ombudsman. Déileálann ár nOifigeach Rochtana le fiosrúcháin agus gearáin faoi inrochtaineacht, arb é an ról atá aige cúnamh agus treoir a sholáthar nó a shocrú agus a chomhordú do dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil rochtain acu ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Is féidir teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Rochtana trí ríomhphost ag accessofficer@ombudsman.ie nó ar an teileafón ag 01 639 5625.

Nós imeachta forfheidhmithe

Chun eolas a fháil maidir le gearán a dhéanamh, féach, le do thoil, ar ár bPrótacal Gearáin.