De réir alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, is é seo a leanas “An Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise” de chuid Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil.

Maidir linne agus an obair a dhéanaimid

Is é príomhfheidhm Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí déanta ag údaráis áitiúla faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go dtí 2014 (Rialacháin AIE).

Bunú na hOifige

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (an Oifig) le hairteagal 12(1) de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007. 

Is é an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil (an Coimisinéir) an sealbhóir oifige. Tá an Coimisinéir i seilbh oifige de bhua airteagal 12(2) de Rialacháin AIE, a fhorálann gurb é sealbhóir Oifig an Choimisinéara Faisnéis (OIC) sealbhóir Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil freisin. 

Ról agus freagrachtaí

Tá ról reachtúil na hOifige sonraithe i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go dtí 2014. (Léigh an Creat Reachtúil) In Éirinn tugann na Rialacháin seo éifeacht do Threoir 2003/4/CE ón gComhairle Eorpach, a ráthaíonn an ceart rochtana ar fhaisnéis comhshaoil atá i seilbh nó le haghaidh údarás poiblí. Tá an Oifig freagrach as oibriú éifeachtach an tsásra achomhairc neamhspleách a bhfuil foráil déanta lena aghaidh i Rialacháin AIE.

I ndáil le freagrachtaí um Shaoráil Faisnéise (FOI), is comhlacht páirt-eisiata é an Oifig chun críche Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (Acht SF) (mar a fhoráiltear i Sceideal 1, alt 6, Cuid 1 den Acht sin).

Le linn don Oifig a cuid feidhmeanna a fheidhmiú faoi Rialacháin AIE, tá an Oifig eisiata ó bheith faoi réir an Achta SF “ach amháin chomh fada is a bhaineann le riarachán ginearálta na bhfeidhmeanna sin”.

Ciallaíonn sé seo nach gceanglaítear de réir dlí na taifid á gcoimeád ag an Oifig a bhaineann le hachomhairc shonracha (seachas taifid a bhaineann le riarachán ginearálta fheidhmeanna na hOifige) a chur ar fáil don phobal.

Feidhmeanna an Choimisinéara

De réir Rialacháin AIE, seo a leanas feidhmeanna an Choimisinéara:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí údarás poiblí maidir le hiarratais AIE.
  • An cinneadh i gceist a dhaingniú, a neamhniú nó a athrú.
  • A cheangal, más cuí, go gcuirfidh an t-údarás poiblí faisnéis comhshaoil ar fáil don iarratasóir.

.

Taifid á gcoimeád ag an Oifig

Baineann raon na dtaifead atá á gcoimeád ag an Oifig leis na catagóirí ginearálta seo a leanas (d’fhéadfadh go mbeadh dúbailt áirithe i gceist):

Taifid Riaracháin Inmheánacha

  • Treoirlínte agus Ciorcláin na Státseirbhíse/na Seirbhíse Poiblí.
  • Óráidí agus Láithreoireachtaí tugtha ag an gCoimisinéir/comhaltaí foirne na hOifige.
  • Liostaí de theagmhálaithe AIE in údaráis phoiblí.
  • Nótaí agus miontuairiscí cruinnithe bainistíochta agus na doiciméid ghaolmhara.
  • Taifid a bhaineann le foilsiú tuarascálacha, e.g. an tuarascáil bhliantúil.
  • Bainistiú shuíomh gréasáin na hOifige.
  • Bainistiú athbhreithnithe cáis.
  • Staitisticí maidir le hathbhreithnithe cáis.
  • ​Fiosrúcháin ghinearálta agus comhfhreagras.

Tabhair faoi deara: Taifid pearsanra, taifid cuntas, clár sócmhainní, agus taifid maidir le clúdach na meán atá á coimeád ag Oifig an Ombudsman thar ceann na hOifige.

Polasaí

  • Taifid maidir le cumarsáid leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar Son na hAeráide agus Comhshaoil agus, roimhe sin, leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
  • Taifid maidir le polasaí inmheánach.

Reachtaíocht agus nithe gaolmhara

  • Taifid maidir le cumarsáid leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar Son na hAeráide agus Comhshaoil (agus, roimhe sin, leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil) agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Treoracha/Treoirlínte Foirne

  • Taifid maidir le nósanna imeachta inmheánacha.

Imscrúduithe agus Athbhreithnithe déanta ag an gCoimisinéir

  • Cástaifid, lena n-áirítear taifid maidir le cumarsáid le húdaráis phoiblí, achomharcóirí agus tríú páirtithe.
  • Aighneachtaí déanta ag údaráis phoiblí, achomharcóirí agus tríú páirtithe.
  • Taifid maidir le comhairle dlí lorgtha agus faighte.
  • Cinntí déanta ag an gCoimisinéir.
  • ​Taifid eile a bhaineann le himscrúduithe agus athbhreithnithe, lena n-áirítear sonraí réitithe, sonraí maidir le dúnadh cásanna, imscrúduithe, anailís, agus tráchtaireacht oifigeach de chuid na hOifige.

Socruithe Rialachais agus Bainistíochta

Tá a ghníomhaíochtaí á gcur i bhfeidhm ag an gCoimsinéir go neamhspleách. Páirteach san fhoireann bhainistíochta shinsearach tá an Coimisinéir, Ard-Stiúrthóir agus Imscrúdaitheoir Sinsearach.

Tá an Oifig seo tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a thacaíonn le feidhmiú rathúil dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Tá mionsonraí maidir le socruithe rialachais na hOifige le fáil sa doiciméad dar teideal Creat Rialachais Chorparáidigh, ina sonraítear na córais, prionsabail agus próisis atá mar bhonn le stiúradh agus le rialú na hOifige seo.

Pleananna agus Straitéisí Corparáideacha

Léigh Polasaithe na hOifige le do thoil.

Cuireann an Oifig le, agus tá an Oifig á treorú ag Ráiteas Straitéise níos ginearálta Oifig an Ombudsman (a bhfuil an Oifig lonnaithe laistigh di).

Tuarascáil Bhliantúil

Foilsíonn an Oifig tuarascálacha bliantúla. Tá siad seo le fáil sna háiteanna seo a leanas

  • An Oifig ag 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
  • Ar ár suíomh gréasáin faoi ‘Tuarascálacha Bliantúla’
  • Oifig Foilseachán an Rialtais. Tá Seirbhís Trádála Poist á soláthar ag an Oifig seo. Seo a leanas seoladh na seirbhíse: Oifig na nOibreacha Poiblí, Foilseacháin Rialtais, 52 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2. Glactar le horduithe ar an teileafón, trí ríomhphost agus tríd an bpost. Tá Ionad Glaonna oscailte Luan go hAoine, idir 09.30 - 13.00 agus 14.00 - 17.00, chun cabhrú le glaoiteoirí agus glacadh le híocaíochtaí le haghaidh orduithe trí chárta, seic nó ordú poist. Chomh maith leis sin, tá seoladh ríomhphoist speisialta bunaithe, agus freagraítear gach fiosrúchán an lá oibre i ndiaidh é a fháil. Teil: 01 647 6834 nó r-phost: publications@opw.ie

Struchtúr Eagraíochtúil

Foráiltear le hAirteagal 12(10) de Rialacháin AIE go gcabhróidh foireann OIC leis an gCoimisinéir agus trí úsáid a bhaint as cibé acmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith ar fáil, ó am go ham, don oifig sin. Páirteach i struchtúr na hOifige tá bainistíocht shinsearach agus imscrúdaitheoirí tiomanta OCEI. Soláthraíonn Aonad Tacaíochta Oifig an Choimisinéara Faisnéise tacaíocht.

Eagraíocht

Coimisinéir:

Stiúrthóir Ginearálta: Elaine Cassidy

Imscrúdaitheoir Sinsearach: Deirdre McGoldrick, Príomhoifigeach

Imscrúdaitheoirí: 4 Phríomhoifigeach Cúnta

Foireann Tacaíochta: Soláthraíonn foireann Aonad Tacaíochta Oifig an Choimisinéara Faisnéise (a bhfuil Ardoifigeach Feidhmiúcháin, beirt Oifigeach Feidhmiúcháin agus triúr Oifigeach Cléireachais páirteach inti) cúnamh don Oifig, go háirithe i ndáil le próiseáil thosaigh achomharc nua (bailíochtú agus glacadh leo go foirmiúil).

Grádú Pá

Chomh maith leis sin, feidhmíonn an Coimisinéir mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise. Chomh maith leis sin, is comhalta ex officio é den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, an Coimisiún Reifrinn agus an Coimisiún um Thoghlaigh. Tá a thuarastal comhionann le tuarastal Ard-Rúnaí Grád III sa Státseirbhís.

Ar an gcuma chéanna, feidhmíonn an tArd-Stiúrthóir d’Oifig an Ombudsman agus d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Tá an tuarastal comhionann le tuarastal Rúnaí Cúnta sa Státseirbhís.

Chomh maith leis sin, feidhmíonn an tImscrúdaitheoir Sinsearach d’Oifig an Choimisinéara Faisnéise.

Tá scálaí tuarastail státseirbhíseach le fáil sa chiorclán atá ar fáil ag na naisc seo a leanas:

 

Tuarascáil do na gráid idir Ard-Rúnaí agus Oifigeach Cléireachais

Suíomh na hOifige

Tá an Oifig suite laistigh d’Oifig an Ombudsman ag 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

Sonraí teagmhála

Fiosrúcháin Ghinearálta

Is féidir iarratais faisnéise a dhéanamh ar aon cheann de na bealaí seo a leanas, de réir mar is cuí

Post: OCEI, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

Teileafón: +353-1-639 5689 (abair go mbaineann do ghlao le OCEI agus iarr labhairt leis an Aonad Tacaíochta)

Ríomhphost: info@ocei.ie

Uaireanta Oscailte: 9.15 am - 5.00pm, Luan go hAoine.

Fiosrúcháin ó na Meáin

Déan teagmháil le David Nutley, Feidhm Chumarsáide, Oifig an Ombudsman

Teileafón: 01 639 5610 or 086 023 1420

R-phost: david.nutley@ombudsman.ie.

Cairt Custaiméirí

Sonraítear sa Chairt Seirbhísí do Chustaiméirí ár ngealltanais agus na caighdeáin seirbhíse is féidir leat a bheith ag súil leo. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Cód Cleachtais

Is státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit iad comhaltaí foirne na hOifige agus, dá réir sin, tá siad faoi cheangal Chód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse.

An tseirbhís atá á soláthar againn

Feidhmíonn an Oifig mar chomhlacht achomhairc dóibh siúd atá míshásta le freagairt údarás áitiúil ar iarratais ar fhaisnéis comhshaoil.

Conas is féidir ár seirbhís a rochtain?

Is féidir achomhairc a dhéanamh ar líne trí úsáid a bhaint as ar suíomh gréasáin ag "Déan Achomharc". Nó, is féidir achomhairc a sheoladh tríd an bpost chuig ár seoladh poist, nó a sheoladh trí r-phost chuig info@ocei.ie. Tabhair faoi deara, ní féidir glacadh le hachomhairc ach nuair a dhéantar iad de réir na riachtanas incháilitheachta agus nóis imeachta atá sonraithe i Rialacháin AIE.

Mar riail ghinearálta, ní mór achomhairc a thionscnamh tráth nach déanaí ná mí amháin i ndiaidh chinneadh athbhreithnithe inmheánaigh an údaráis phoiblí a fháil nó, sa chás nach ndéantar aon chinneadh a fhógairt, tráth nach déanaí ná mí amháin i ndiaidh an uair a ceanglaíodh a leithéid de chinneadh a fhógairt don iarratasóir.

Tá lánrogha ag an gCoimisinéir síneadh a chur leis an tréimhse ama atá luaite le hachomharc a thionscnamh nuair atá sé sásta, in imthosca an cháis, go bhfuil sé réasúnta a leithéid a dhéanamh.

Cé mhéad a chosnaíonn sé ár seirbhís a úsáid?

Foráiltear le hAirteagal 15(3) de Rialacháin AIE go ngearrfar táille de €50 (faoi réir fho-airteagal (4)) chun achomharc a chur faoi bhráid an Choimisinéara.

Foráiltear le fo-airteagal (4) gur táille €15 a bheidh i gceist más sealbhóir cárta leighis atá ag déanamh iarratais, nó cleithiúnach sealbhóir cárta leighis, nó duine seachas an t-iarratasóir a bheadh inchoirithe dá ndéanfaí an fhaisnéis comhshaoil i gceist a nochtadh.

Foráiltear le hAirteagal 15(5) gur féidir leis an gCoimisinéir táillí a tharscaoileadh nó a aisíoc in imthosca áirithe.

Ceart achomhairc i ndáil leis an tseirbhís atá á soláthar againn

Foráiltear le hAirteagal 13 le haghaidh ceart achomhairc chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí a eascraíonn ó chinneadh de chuid an Choimisinéara. Féadfaidh páirtí san achomharc a leithéid d’achomharc a dhéanamh (is é sin, páirtí in achomharc chuig OCEI ba chúis le cinneadh an Choimisinéara) nó aon duine eile a bhfuil tionchar ag an gcinneadh air nó uirthi. Ní mór achomharc a thionscnamh tráth nach déanaí ná 2 mhí i ndiaidh fógra faoin gcinneadh a bheith tugtha don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.

Conas a dhéanann an Oifig cinntí

Is comhlacht athbhreithnithe é an Oifig níl an Oifig freagrach as aon mhórthograí polasaí.

Uaireanta, áfach, soláthraíonn an Coimisinéir tuairimí maidir le tograí polasaí ábhartha.

 

 

Faisnéis Airgeadais

Le Vóta 19 (Oifig an Ombudsman), maoinítear gníomhaíochtaí d’eagraíocht atá comhdhéanta d’Oifig an Ombudsman agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (Clár A); an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, lena n-áirítear an fheidhm Rialála Brústocaireachta (Clár B); agus, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil (Clár C).

Comhlíonann na hoifigí seo feidhmeanna reachtúla ar leith agus difriúla: mar sin féin, feidhmíonn siad mar ghníomhaireacht chónasctha aonair faoi Vóta amháin agus Oifigeach Cuntasaíochta amháin agus bord bainistíochta corparáideach amháin a bhainistíonn an eagraíocht agus a chosnaíonn agus a chaomhnaíonn neamhspleáchas agus feidhmeanna reachtúla gach ceann de na comhchodanna ag an am céanna. Tá a líon foirne féin ag gach oifig ach roinntear na feidhmeanna airgeadais, acmhainní daonna, cóiríochta agus teicneolaíochta faisnéise idir na hoifigí go léir.

 

 

Cuntas Leithreasa an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste d’Oifig an Ombudsman

Ag deireadh gach bliana airgeadais, éilítear ar gach roinn cuntas ar a dtugtar an Cuntas Leithreasa air a ullmhú. Tugann an Cuntas Leithreasa sonraí maidir le toradh na bliana i gcomparáid leis an méid a chuireann Dáil Éireann ar fáil. Is féidir Cuntas Leithreasa 2019 a fháil anseo.

 

 

Meastacháin Athbhreithnithe

Is leagan mionsonraithe de Mheastacháin Lá an Bhuiséid iad na Meastacháin Athbhreithnithe agus tá faisnéis iontu faoi chaiteachas laistigh de chláir aonair mar aon leis an leithdháileadh airgeadais foriomlán dár nOifig. Cuimsítear sna Meastacháin Athbhreithnithe príomh-mhéadrachtaí aschuir ardleibhéil, comhthéacs agus táscairí tionchair. Cuireann siad faisnéis ar fáil faoinár gcaiteachas agus an tionchar a bhíonn ag an caiteachas. Féadtar breathnú ar na Meastacháin Athbhreithnithe do 2021 d’Oifig an Ombudsman ar leathanaigh 69-73 de na Meastacháin Athbhreithnithe do Sheirbhísí Poiblí 2021, anseo.

Faisnéis Soláthair

Is éard atá i gceist le soláthar poiblí ná an próiseas trína gceannaíonn comhlachtaí poiblí saothair, earraí nó seirbhísí ó sholáthraithe a roghnaigh siad chun na críche seo. Cuimsíonn sé sin gnáth-earraí nó seirbhísí a cheannach agus conarthaí mórscála a dhéanamh do thionscadail bhonneagair agus baineann sé sin le raon leathan údarás conarthach.

Tá Beartas Soláthair na hOifige seo ar fáil anseo.

Is doiciméid treorach do sholáthraithe iad na naisc seo a leanas:

Íocaíochtaí os cionn €20,000

Tá tiomantas sa Phlean um Athchóiriú Seirbhíse Poiblí go bhfoilseofar gach ordú ceannaigh ar €20k nó níos mó ar líne. Foilsíonn an roinn an fhaisnéis seo ar bhonn ráithiúil. Féach ár bhfoilseachán anseo.

Loga nochtuithe Saorála Faisnéise (SF)

Is féidir breathnú ar liosta de gach iarratas SF neamhphearsanta faighte ag an Oifig roimh an 1 Eanáir 2018 anseo:

Non-personal-FOI-requests.xlsx

Iarratais SF chuig an Oifig

Faoin Acht SF, tá aon duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar shlí ar bith eile. Go ginearálta, tá an ceart ag duine:

  1. Rochtain a fháil ar thaifid atá á gcoimeád ag an Oifig.
  2. Faisnéis phearsanta a cheartú, a bhaineann leis an duine, atá i seilbh na hOifige, sa chás go bhfuil a leithéid sin d’fhaisnéis míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach.
  3. Rochtain ar chúiseanna le cinntí a rinne an Oifig a bhfuil tionchar díreach acu ar an duine i gceist.

Ní chlúdaíonn an tAcht SF na taifid ar fad atá á gcoimeád ag an Oifig. Is comhlacht páirt-eisiata é an Oifig chun críche Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (Acht SF) (mar a fhoráiltear i Sceideal 1, alt 6, Cuid 1 den Acht sin). Ciallaíonn sé seo nach gceanglaítear de réir dlí na taifid á gcoimeád ag an Oifig a bhaineann le hachomhairc shonracha (seachas taifid a bhaineann le riarachán ginearálta fheidhmeanna na hOifige) a chur ar fáil don phobal.

Ba cheart iarratais SF a bhaineann le taifid na hOifige a sheoladh chuig:

Anne Greenalgh
An tOifigeach Idirchaidrimh SF
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath
D02 W773

Teileafón: +353-1-639 5773, R-phost: info@ocei.ie

Ba cheart iarratais a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a shonrú go bhfuil siad á ndéanamh faoin Acht SF. Ba cheart an fhoirm ina bhfuil na taifid á lorg – e.g. fótachóipeanna/diosca – a shonrú san iarratas. Ionas gur féidir na taifid atá á lorg a shainaithint, ba cheart d’iarrthóirí an oiread mionsonraí agus is féidir maidir leis na taifid a sholáthar. Más féidir, ba cheart uimhir theagmhála is féidir a úsáid i rith uaireanta oifige a sholáthar chun críche mhionsonraí an iarratais SF a shoiléiriú. Cabhróidh foireann na hOifige leis an iarratas SF a chur i dtoll a chéile, más gá.

Soláthróidh an Oifig admháil maidir le hiarratas faoin Acht SF laistigh de choicís. Áireofar anseo fógra, sa chás nach bhfuil an t-iarrthóir sásta leis an gcinneadh SF atá eisithe, go bhfuil ceart ag duine athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a lorg. Eiseofar an cinneadh laistigh de cheithre seachtaine.

An Ceart chun Athbhreithniú Inmheánach ar Chinneadh

Foráiltear san Acht SF don cheart chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar chinntí comhlachtaí poiblí. Féadfar athbhreithniú inmheánach a lorg sa chás gur diúltaíodh nó gur páirtcheadaíodh iarratas SF nó sa chás go bhfuil rochtain iarchurtha. Féadfar athbhreithniú inmheánach a lorg freisin sa chás go bhfuil an fhoirm rochtana nó an leibhéal táillí gearrtha faoi dhíospóid. Glactar leis gur diúltaíodh d’iarratas SF sa chás nár eisíodh cinneadh laistigh de cheithre seachtaine ón iarratas SF a fháil.

Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach cinntí de chuid na hOifige a sheoladh i scríbhinn chuig:


Anne Greenalgh
An tOifigeach Idirchaidrimh SF
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath
D02 W773

Teileafón: +353-1-639 5773, R-phost: info@ocei.ie

a áiritheoidh go mbeidh an t-athbhreithniú á chur i gcrích ag oifigeach atá ag obair ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a rinneadh an cinneadh bunaidh SF. Ba cheart a leithéid sin d’iarratas a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón gcinneadh bunaidh a dhéanamh. Ní mór an cinneadh i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh a eisiúint laistigh de thrí seachtaine ón gcinneadh a dhéanamh.

 

Faisnéis foilsithe ag an Oifig

Tuarascálacha Bliantúla

Tá tuarascálacha bliantúla le fáil ó

  • An Oifig ag 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, D02 W773.
  • Ar ár suíomh gréasáin faoi ‘Tuarascálacha Bliantúla’.
  • Oifig Foilseachán an Rialtais. Tá Seirbhís Trádála Poist á soláthar ag an Oifig seo. Seo a leanas seoladh na seirbhíse: Oifig na nOibreacha Poiblí, Foilseacháin Rialtais, 52 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2. Glactar le horduithe ar an teileafón, trí ríomhphost agus tríd an bpost. Tá Ionad Glaonna oscailte Luan go hAoine, idir 09.30 - 13.00 agus 14.00 - 17.00, chun cabhrú le glaoiteoirí agus glacadh le híocaíochtaí le haghaidh orduithe trí chárta, seic nó ordú poist. Chomh maith leis sin, tá seoladh ríomhphoist speisialta bunaithe, agus freagraítear gach fiosrúchán an lá oibre i ndiaidh é a fháil. Teil: 01 647 6834 nó r-phost: publications@opw.ie.

Foilseacháin eile

Chomh maith leis sin, foilsítear nuacht, preasráitis, óráidí agus airteagail ó am go ham ar shuíomh gréasáin na hOifige agus tá siad le fáil anseo.

Ina theannta sin, foilsíonn an Oifig cinntí déanta ag an gCoimisinéir ar a suíomh gréasáin agus Cinntí agus breithiúnais chúirte maidir le hachomhairc déanta i gcoinne chinntí an Choimisinéara ag Achomhairc chuig na Cúirteanna.

Faisnéis atá i seilbh na hOifige agus atá á lorg go rialta

Is iarratais ar fhaisnéis maidir le conas achomharc a dhéanamh iad formhór na n-iarratas ar fhaisnéis ón Oifig. Cabhraíonn foireann an Aonaid Tacaíochta le daoine a bhfuil a leithéid seo d’iarratais a ndéanamh acu agus soláthraítear eolas dóibh (más cuí) maidir le cá háit is féidir leo breis faisnéise a fháil ar shuíomh gréasáin na hOifige ag "Déan Achomharc".

Baineann líon níos lú iarratas le faisnéis maidir le conas a phróiseáiltear achomhairc. Arís, tugtar cabhair do dhaoine a bhfuil iarratais den sórt seo á ndéanamh acu agus eolas (más cuí) maidir le cá háit is féidir leo breis faisnéise a fháil sa Lámhleabhar Nósanna Imeachta ar shuíomh gréasáin na hOifige ag “Lámhleabhar Nósanna Imeachta OCEI”.

Suíomh Gréasáin

Is í an Oifig atá freagrach as an suíomh gréasáin. Tá faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas le fáil ar an suíomh gréasáin:

  • An Coimisinéir.
  • An Oifig.
  • Faisnéis Comhshaoil.
  • Reachtaíocht.
  • Polasaithe agus straitéisí na hOifige.
  • Conas teagmháil a dhéanamh leis an Oifig.
  • Conas achomharc a dhéanamh.
  • Nuacht & preasráitis.
  • Cinntí, lena n-áirítear áis chun cinntí a chuardach agus rochtain ar chinntí iomlána.
  • Achomhairc chuig na Cúirteanna.
  • Foilseacháin.

.

Chomh maith leis sin, tá áis ar an suíomh gréasáin chun achomharc a chur faoi bhráid na hOifige agus chun táille an achomhairc a íoc ar líne.