Agus breitheanna á n-athbhreithniú againn, cloímid le próiseas trí chéim: bailíochtú, imscrúdú, athbhreithniú.

  1. Tar éis dúinn achomharc a fháil, seiceálaimid an bhfuil sé bailí nó nach bhfuil. Má tá, sanntar é don chéad imscrúdaitheoir atá ar fáil.
  2. Scrúdaíonn an t-imscrúdaitheoir an cás agus cuireann sé an comhad, mar aon le moladh, faoi bhráid an Choimisinéara.
  3. Déanann an Coimisinéir a athbhreithniú agus cuirtear an bhreith uaidh in iúl do na páirtithe.

Bailíochtú

Tar éis dúinn achomharc a fháil, seiceálaimid an bhfuil sé bailí faoin reachtaíocht nó nach bhfuil. Má tá, iarraimid ar an gcomhlacht poiblí cóipeanna den fhaisnéis tharraingthe siar a eisiúint, nuair is cuí. I roinnt cásanna, iarraimid ar na páirtithe ag an gcéim seo aighneachtaí a dhéanamh ina dtugtar tuilleadh faisnéise nó míniú ar cén fáth ar cheart don Choimisinéir breith a thabhairt ina bhfabhar.

Imscrúdú  

Sannaimid an cás don chéad imscrúdaitheoir atá ar fáil. D’fhéadfadh sé/sí teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe chun iarraidh orthu aon soiléirithe a mheasann sé/sí a bheith riachtanach a chur ar fáil. D’fhéadfadh sé/sí aighneachtaí a iarraidh freisin (murar iarradh iad cheana féin) nó d’fhéadfadh sé/sí tuilleadh aighneachtaí a iarraidh. I gcás go dtarraingítear saincheist ábhartha nua anuas (e.g. eisceacht ó eisiúint nach rabhthas ag brath uirthi i mbreitheanna an údaráis phoiblí), is gnách go n-iarrtar ar na páirtithe ráiteas a thabhairt faoi sin. Tá ár n-imscrúdaitheoirí bunaithe san oifig: ní gnách go dtéann siad amach chun éilimh a sheiceáil nó bualadh le daoine a bhfuil baint acu le cás. Is é ról an imscrúdaitheora an fhaisnéis a theastaíonn a bhailiú, na fíricí agus na forálacha dlí a anailísiú agus moladh a ullmhú don Choimisinéir. Is trí ríomhphost, ar an teileafón nó trí chasadh an phoist a dhéanann imscrúdaitheoirí cumarsáid leis na páirtithe de ghnáth. Tuairiscíonn imscrúdaitheoirí cásanna d’Imscrúdaitheoir Sinsearach, a thuairiscíonn don Choimisinéir.

I roinnt cásanna, déantar achomhairc a tharraingt siar nó a réiteach nó scoirtear díobh sular gá don Choimisinéir breith a thabhairt. I ngach cás eile, cuireann an tImscrúdaitheoir Sinsearach an comhad faoi bhráid an Choimisinéara.

Athbhreithniú

Breithníonn an Coimisinéir an cáschomhad, tugann sé breith fhoirmiúil i scríbhinn agus socraíonn sé go gcuirfear an bhreith in iúl do na páirtithe. Sa bhreith uaidh, féadfaidh sé breith an údaráis phoiblí a dhearbhú. Más cuí, is féidir leis éiligh ar na húdarais poiblí faisnéis comhshaoil a thabhairt do na hachomharcóirí.

I roinnt cásanna, cinneann an Coimisinéir gur cheart d’údarás poiblí iarraidh, nó cuid d’iarraidh, a athphróiseáil (nó iarraidh a phróiseáil den chéad uair, má theip air déanamh amhlaidh ar an gcéad dul síos).

Beag beann ar an toradh, ní eisíonn Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil an fhaisnéis iarrtha i gcás ar bith. Má tá an fhaisnéis le heisiúint, caithfidh an t-údarás poiblí í a eisiúint.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ár Lámhleabhar maidir le Nósanna Imeachta agus ár Ráiteas Straitéise.

Roinnt pointí faoin bpróiseas

  • Ní próiseas foirmiúil ná próiseas sáraíochta é: ní cúirt í Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil.
  • Ní thugaimid cóip d’aighneacht páirtí amháin don pháirtí eile de ghnáth. Malartaímid aighneachtaí i roinnt bheag cásanna, ach ní dhéanaimid amhlaidh ach tar éis dúinn cead a fháil ó na páirtithe a rinne na haighneachtaí.
  • Níl aon éisteacht ó bhéal ann.
  • Nuair atá an comhad réidh, seoltar é chuig imscrúdaitheoir sinsearach. Nuair is deimhin leis an imscrúdaitheoir sinsearach go bhfuil an comhad curtha i gcrích go hiomlán, cuirtear faoi bhráid an Choimisinéara é. Déanann sé a athbhreithniú ansin agus tugann sé breith.