Déanaimid athbhreithniú ar na breitheanna a thugann údaráis phoiblí ar iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.
I bhformhór na gcásanna, is í an bhreith a ndéanaimid athbhreithniú uirthi ná an bhreith ar athbhreithniú inmheánach an údaráis phoiblí. Is í sin an dara breith a thugann an t-údarás poiblí ar iarraidh. Má theip ar an údarás poiblí fógra a thabhairt faoina bhreith ar an athbhreithniú inmheánach laistigh den tréimhse cheadaithe, meastar de réir an dlí gur thug an t-údarás poiblí dara cinneadh “lena ndearbhaítear” an chéad bhreith uaidh. Sna cásanna sin, is í an “dara breith” sin an bhreith a athbhreithnímid, cé go bhféadfadh gurb ionann í agus an bhreith bhunaidh, tríd is tríd.
Tugann an Coimisinéir breitheanna ar gach achomharc mura ndéantar an cás a tharraingt siar nó a réiteach nó mura scoirtear de. Foilsítear a chuid breitheanna agus tá siad ina gceangal dlí, cé go bhféadfar iad a achomharc chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí.