Straitéis 2025

Leagtar na príomhchuspóirí straitéiseacha dár n-oifig amach inár Ráiteas Straitéise. Nuashonraítear an straitéis gach trí bliana.

Ráiteas Straitéise 2025

Rialachas Corparáideach

Is é is Rialachas Corparáideach ann ná na córais, na prionsabail agus na próisis trína ndéantar eagraíochtaí a rialú.

Tá na prionsabail is bonn le rialachas corparáideach bunaithe ar an eagraíocht a bhainistiú ag féachaint do na nithe seo:

  • ionracas agus cothroime a thaispeáint
  • trédhearcacht a sholáthar
  • gach nochtadh riachtanach a dhéanamh agus
  • cloí leis an reachtaíocht ábhartha

Cabhraíonn dea-rialachas le bainistíocht éifeachtúil éifeachtach. Fágann dea-bhainistíocht go gcuirtear luach agus seirbhís shármhaith do chustaiméirí ar fáil dár ngeallsealbhóirí.

Leagtar amach sa doiciméad seo conas a oibríonn Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Tá sé mar aidhm againn struchtúir, próisis agus córais den dea-chleachtas a thacaíonn le feidhmiú rathúil ár ndualgas a bheith i bhfeidhm againn. Féachaimid lenár ndualgais a chomhlíonadh ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Tá dea-rialachas corparáideach ríthábhachtach chun tacú le comhlíonadh thosaíochtaí straitéiseacha na heagraíochta. Is féidir lenár ngeallsealbhóirí a bheith cinnte de go bhfuil beartais agus cleachtais dea-rialachais fite fuaite i gcultúr na heagraíochta.

Íoslódáil an Creat Rialachais Chorparáidigh

Tuairiscímid gach bliain ar shaincheisteanna rialachais chorparáidigh a théann i bhfeidhm ar an Oifig.

Corporate Report 2018

Nochtaí Cosanta

Cuireann an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 cosaintí ar fáil d'oibrithe a chuireann ábhair imní dlisteanacha in iúl maidir le héagóir a tharla nó éagóir a d'fhéadfadh a bheith tarlaithe san áit oibre. D'fhorbair an Oifig nósanna imeachta i gcomhréir leis an Acht 2014 nósanna imeachta a d'fhaomh an Fhoireann Bainistíochta. Tugtar eolas faoin méid seo a leanas sna nósanna imeachta:

  • conas is féidir le baill foirne nochtaí cosanta a dhéanamh
  • cad a tharlóidh tar éis nochtadh cosanta a dhéanamh
  • cad a dhéanfaidh an Oifig chun an nochtóir a chosaint

Aithníonn an Oifig an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mothaíonn baill foirne go dtacaítear leo san áit oibre. Tacaíonn an próiseas le tiomantas na hOifige do chinntiú go spreagann agus go n-éascaíonn a chultúr agus timpeallacht oibre baill foirne 'labhairt amach' faoi aon cheist a chuireann isteach ar chumas na hOifige a dhualgais a chur chun críche.

Éilítear le hAlt 22 den Acht 2014 go n-ullmhóidh gach comhlacht poiblí tuarascáil bhliantúil agus go bhfoilseoidh siad í maidir leis na nochtaí cosanta a fhaightear faoi fhorálacha an Achta sin. Léirítear cúrsaí maidir leis sin sa tábla thíos:

Bliain

Nochtaí Cosanta a Fuarthas
2016 Nialas
2017 Nialas
2018 Nialas
2019 Nialas
2020 Nialas
2021 Nialas
2022 Nialas