Tá Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ina comhlacht neamhspleách a dhéanann athbhreithniú ar bhreitheanna a thugann údaráis phoiblí ar iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol), 2007 go 2018. Leagtar amach sa doiciméad seo na gealltanais a thugaimid duit agus na caighdeáin seirbhíse ar féidir leat bheith ag súil leo uainn.
Má dhéanann tú teagmháil linn thar an teileafón, féachfaimid leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Má sheolann tú litir, ríomhphost nó ceist ar líne chugainn, déanfaimid na nithe seo a leanas:
Má dhéanann tú achomharc in aghaidh breith a thugann údarás poiblí, déanfaimid na nithe seo a leanas:
Má thugann tú cuairt orainn i bpearsa, déanfaimid na nithe seo a leanas:
Tabharfaimid cúnamh do dhaoine ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge
Más rud é go dtéann rud éigin ó rath agus nach bhfuil tú sásta lenár seirbhís, cuir an méid sin in iúl dúinn. Tá beartas i bhfeidhm againn le haghaidh gearáin in aghaidh baill foirne a láimhseáil. Tá an beartas ar fáil ar ár suíomh Gréasáin nó is féidir leat sonraí a iarraidh faoi trí theagmháil a dhéanamh linn go díreach.
Is féidir leat cabhrú linn de réir mar a fhéachaimid le seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:
Bímid i gcónaí ag iarraidh moltaí a fháil faoi bhealaí inar féidir linn ár seirbhís a fheabhsú. Dá mba mhaith leat tuairim nó moladh a chur in iúl, seol ríomhphost chugainn ag info@ocei.ie
Tá an doiciméad seo ar fáil ar ár suíomh Gréasáin www.ocei.ie. Is féidir leat sonraí faoinár seirbhísí eile, ár mbeartais agus ár bhfaisnéis teagmhála a fháil ar ár suíomh Gréasáin freisin.
Táimid ag súil go ndéanfaidh údaráis phoiblí na nithe seo a leanas:
· Breitheanna soiléire tráthúla a thabhairt do dhaoine ar a n-iarrataí faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol
· Daoine a chur ar an eolas faoinár seirbhís agus a mbreith á thabhairt dóibh
· Caitheamh le daoine a dhéanann iarrataí, agus lenár mbaill foirne féin, le cúirtéis agus le meas
· Oibriú linn chun cur ar ár gcumas ár n-athbhreithnithe a dhéanamh ar an mbealach is tapa agus is éifeachtaí agus is féidir
· An fhaisnéis ar fad a iarraimid a thabhairt dúinn laistigh de na hamscálaí sonraithe
Tá ár lánsonraí teagmhála ar fáil ar an leathanach Gréasáin “Teagmháil”.
Is é seo a leanas ár seoladh: Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 HE97. Bíonn an Oifig ar oscailt ó 9.15 a.m. go 5.00 p.m. Luan go hAoine.
Teileafón: +353 1 639 5689
Ríomhphost: info@ocei.ie
Oifigeach saorála faisnéise: info@ocei.ie
Oifigeach cosanta sonraí: dataprotection@ombudsman.ie
Tá an Chairt Seirbhís do Chustaiméirí ó Oifig an Ombudsman glactha ag Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil. Tá an doiciméad sin ar fáil ag Chairt Seirbhís do Chustaiméirí.