Cás CEI/15/0021

Dáta an chinnidh: 4ú Samhain2016
Achomharcóir: Phillip Cantwell
Údarás Poiblí: Comhairle Chontae na Mí (an Chomhairle)

Cinneadh an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ar achomharc a rinneadh faoi airteagal 12(5) na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhainéis Comhshaoil) Rialacháin 2007 go 2014 (Rialacháin an AIE)

Saincheist: An é go raibh an ceart ag an gComhairle sa chaoi agus gur dhiúltaigh sí rochtain ar fhaisnéis a thabhairt do thionscadal bóthar-ailínithe ós rud é nach raibh an fhaisnéis aici, nó ní faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol í.

Achoimre ar Chinneadh an Choimisinéara: Chinn an Coimisinéir go raibh an ceart ag an gComhairle gan rochtain ar fhormhór na faisnéise a bhí á lorg a thabhairt ar na cúiseanna a soláthróidh. Chinn sé nárbh chóir gan rochtain a thabhairt i litir amháin. Dá réir sin, d'athraigh an Coimisinéir cinneadh na Comhairle agus chuir sé í faoi cheangal rochtain a thabhairt don litir sin.


Ceart Achomhairc: D'fhéadfadh páirtí don achomharc seo nó aon duine a bhfuil tionchar ag an gcinneadh seo air/ uirthi achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt ar phointe dlí bunaithe ar an gcinneadh, mar a mhínítear in Airteagal 13 de Rialacháin an AIE. Ba cheart achomharc den chineál seo a thosú ar a laghad dhá mhí tar éis fógra an chinneadh a bheith tugtha don duine a rinne an t-achomharc.


Cúlra

Baineann an cás leis an tionscadal maidir leis an ailíniú den bhóthar réigiúnach R158 a nascann Baile Átha Triom i gContae na Mí le Cill Choca i gContae Chill Dara. Cuireadh deireadh leis an tionscadal in 2008. Iar-Chomhairleoir Chontae na Mí, Iar-Chomhairleoir Bhaile Átha Triom, agus úinéir talaimh i mBaile an Stócaigh i gContae na Mí a bhí san achomharcóir.

Ar an 26ú Bealtaine 2015, thug an t-achomharcóir an t-iarratas AIE (iarratas 'B' a tugadh air ina dhiaidh sin) don Chomhairle. Bhí an cheist dírithe ar Oifigeach Comhairle ar leith agus bhí an teideal seo a leanas air:

''Maidir le: Comhphobail Eorpacha (Rochtain ar fhaisnéis Comhshaoil) Rialacháin 2007 -2014, Maidir le: R158 Céim I agus II Bhaile Átha Triom - Chill Choca maidir leis an diúscairt dramhaíola go léir agus / nó dramhaíola / ábhair sa bhreis.

Luaigh sé:
''Déanaim tagairt don diúscairt dramhaíola thuasluaite agus / nó ábhair sa bhreis ó chéimeanna Conartha I agus II agus uasghrádú an Bhóthair Réigiúnaigh ó Bhaile Átha Triom go Cill Choca. Arna iarraidh don Chur i bhFeidhm Chomhshaoil an EPA, rinne Comhairle Chontae na Mí faoi do stiúir agus fhaireachán Céim 1 den Staidéar dramhaíola / ábhair sa bhreis, lena n-áirítear ábhair tharra thruaillithe, ar ár tailte ag Baile an Stócaigh, Baile Átha Triom.
Dar leis an leathanach clúdaigh den Chéim seo ó Iúil 2014, ullmhaíodh an tuarascáil ag an innealtóir feidhmeannach agus Rannóige Comhshaoil [na Comhairle].
Ag bun leathanaigh 6 den Staidéar Céime 1, dúirt [an t-innealtóir feidhmeannach]:

''Gurbh ionann an gníomhú maidir leis an dramhaíl neamhúdaraithe a rinneadh ar na tailte seo ag Baile an Stócaigh agus R10 tipiciúil údaraithe 'Cóireáil Talaimh a bhfuil tionchar dearfach ar thalmhaíocht nó feabhsú éiceolaíoch' mar a míníodh san Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 lena leasaítear agus cheadaítear ag an Údarás Áitiúil ábhartha trí mheán Teastais Clárúcháin faoi na Rialacháin 2007 maidir le Bainistiú Dramhaíola (Ceadúnas Saoráide agus Clárú)."

Ina dhiaidh sin, liostaigh an t-achomharcóir 5 chuid uimhrithe dá iarratas.
Ar an lá céanna, rinne sé iarratas AIE eile (tugadh iarratas 'C' air seo ina dhiaidh sin) don Chomhairle. Bhí sé dírithe ar oifigeach Comhairle eile, agus bhí an teideal seo a leanas air:

''Maidir le: Comhphobail Eorpacha (Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil) Rialacháin 2007 - 2014 - R158 Céim II Chnoc an Línsigh - Cill Choca Cuntas Deiridh, mar a rinneadh tagairt dó i Litir 30ú Deireadh Fómhair 2008 - .i. tiomsaigh gach éileamh agus íocaíocht do dhiúscairt dramhaíola / ábhair sa bhreis.''

Dúirt sé:

''Is mian liom dramhaíl agus ábhar sa bhreis ó R158 a leanúint chomh luath agus is féidir - ó áit bhunaidh go dtí diúscairt dheiridh. Ceanglaím cóip litreach 30ú Deireadh Fómhair 2008, .i. [conraitheoir tógála an tionscadail] chuig [innealtóir comhairleach an tionscadail] maidir le Cuntas Deiridh an Chonartha R158."

Ina dhiaidh sin, liostaigh sé 6 chuid uimhrithe don iarratas seo.

Ar an dáta céanna, thug sé iarratas eile AIE (tugadh iarratas 'D' air amach ansin) don Chomhairle. Bhí sé dírithe ar Oifigeach Comhairle difriúil agus bhí an teideal seo a leanas air:

''Do Thagairt: AIE-01/15 & AIE - 02/15 AE Rochtain ar Fhaisnéis Comhshaoil R158.''

Dúirt sé:

''Is mian liom dramhaíl agus ábhar truaillithe ó Chéim 1 agus 2 den Chonradh R158 seo a leanúint, a fhoinse agus tochailt go dtí an áit dheiridh, lena n-áirítear úsáid na sonrasc/ íocaíochtaí agus billí. Is mian liom AIE a úsáid don Chéim 1 agus Céim 2, ach chun an obair ar do fhoireann ar laghdú, soláthair an méid seo a leanas do Chéim 1 anois (Doiciméid do Chéim 2 amach anseo)."

Liostaigh sé 11 cuid uimhrithe ina a dhiaidh sin don iarratas seo.
An lá dár gcionn, thug sé iarratas AIE eile (tugadh iarratas 'A' air amach ansin) don Chomhairle. Bhí sé dírithe ar Oifigeach Comhairle difriúil agus bhí an teideal céanna amhail iarratas 'B' air, agus dúirt sé:
''Tagraím litreacha 2-11-14 agus 23-5-15 [ghníomhaire an chonraitheora tógála] chugat maidir le diúscairt dramhaíola agus / nó ábhair sa bhreis ó Chonradh R158 Chomhairle Chontae na Mí a sheol tú ar aghaidh chuig Rannóg um Chur i bhFeidhm an Chomhshaoil.
Ag teacht le hábhair litreacha [ghníomhaire an chonraitheora tógála], cuir ceist ar an [gconraitheoir tógála] an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar.

Liostaigh 10 gcuid uimhrithe don iarratas sin amach ansin.
Ar an 5ú Meitheamh 2015, cuir an Chomhairle an t-achomharc ar an eolas go raibh sé i gceist aici déileáil leis na ceithre iarratas le chéile, agus iad a lipéadú mar iarratas A, B, C agus D (mar a mhínítear thuas).
Ar an 22ú Meitheamh 2015, thug an Chomhairle a cinneadh. In achoimre, seo iad na cinntí a leanas:

Iarratas A

Tuigeadh don Chomhairle gur iarradh ar an gComhairle san iarratas faisnéis a fháil ó thríú páirtí agus bhreac sí síos chomh maith nach bhfuil údaráis phoiblí ag teastáil ag Rialacháin AIE chun taifid a chruthú. Gan ghlacadh leis seo, lean an Chomhairle ar aghaidh chun díriú ar gach cuid den iarratas i ndiaidh a chéile. Maidir le cuid 1 den iarratas, luaigh sé gur tugadh faisnéis ábhartha ar leith ó thríú páirtí cheana don achomharcóir Dúirt sé nach raibh cruinnithe faisnéise cuid 2, 4, 5, 6, 7, 8 agus 10 acu. Maidir le cuid 3, dúirt an Chomhairle go ndéanfadh sí meastachán 25 uaire chun miontuairiscí na gcruinnithe, measadh go raibh 50 cruinniú i gceist, a chuardach agus a aimsiú agus dúirt sí go ngearrfaí costas ar ráta €20 in aghaidh na huaire (a bheadh €500 san iomlán) Maidir le cuid 9, dúirt an Chomhairle gur cuireadh Bille Cainníochtaí ar fáil don achomharcóir le haghaidh athbhreithniú.

Iarratas B

Tugtar ''Cóireáil Tailte R10'' ar chodanna den iarratas seo. Is é ''R10'' Cód Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) do chur i bhfeidhm údaraithe agus luachmhar ar bhonn éiceolaíoch ábhair dramhaíola don talamh. Dúirt an Chomhairle go bhfuil sonraí maidir le cóireáil tailte uile R10 i gContae na Mí liostaithe ar shuíomh gréasáin EPA agus más rud é gur luaigh an t-achomharcóir comhad ar leith ón liosta seo, dhéanfadh an Chomhairle iarracht é a aimsiú, ar chostas cuardaigh agus aimsithe.
Maidir le codanna eile den iarratas, dhiúltaigh an Chomhairle gur ionann billí, admhálacha cáilíochtaí gairmiúla oifigigh Comhairle agus faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol.

Iarratas C

Dhiúltaigh an Chomhairle gur fhaisnéis arna iarradh faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol.

Iarratas D

Sholáthair an Chomhairle roinnt faisnéise arna iarraidh, agus ag an am céanna rochtain ar fhaisnéis eile a dhiúltú toisc nach mbaineann sé le faisnéis comhshaoil. Dúirt an Chomhairle go ngearrfadh sí costas d'aimsiú na faisnéise a bhaineann leis an gcuid den iarratas ina raibh miontuairiscí cruinnithe á lorg agus mheas sí go gcosnóidh sé €500.
Athbhreithniú Inmheánach
D'iarr an t-achomharcóir go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar an 20ú Iúil 2015, ag treisiú go mba cheart ''gach faisnéis a bhí imithe ar strae'' a chur ar fáil dó. Dúirt sé chomh maith ''nuair a dhiúltaítear iarratais go bhfuil ceangal ann modhanna eile a lua chun an fhaisnéis a fháil - ní dhearnadh é sin.'' Rinne sé gearán faoin gcaoi inar dhéileáil an Chomhairle go léir lena cheithre iarratas, á rá ''go raibh sé thar a bheith mearbhlach agus nach raibh sé ag teacht le mianta CE AIE''. Dúirt sé gur chuir sé 4 iarratas AIE indibhidiúla toisc go raibh sé i gceist aige na freagraí a sheoladh ar aghaidh astu féin chuig Institiúidí Stáit de chuid na hÉireann agus an Aontais Eorpaigh. Dúirt chomh maith go raibh costas €500 á ghearradh air chun rochtain a dhiúltú dó.
Dheimhnigh an Chomhairle a cinneadh bunaidh ar an 17ú Lúnasa 2015. Dhiúltaigh sí gearán an achomhairc go mba cheart go gcaithfí leis na hiarratais le chéile, agus thug sé faoi deara go raibh leagan amach na mbunchinntí ag teacht le struchtúr na n-iarratas. Sheas sí leis an gcostas €500, agus dúirt sí go raibh sé bunaithe ar ráta €20 in aghaidh na huaire d'aimsiú agus anailísiú na ndoiciméad.

Achomharc

Thug an t-achomharcóir an t-achomharc do m'oifig ar an 16ú Meán Fómhair 2015.
Idir an dáta sin agus dáta an chinnidh bhí roinnt forbairtí. D'fhreastail an t-achomharcóir ar oifig na Comhairle ar chuireadh ar an 11ú agus ar an 14ú Nollaig 2015, ina ndúirt (an Chomhairle) ''go raibh aon fhaisnéis a cheap sé go raibh ábhartha ar fáil le haghaidh cóipeáil''. Dúirt sé chomh maith go bhfuair sé miontuairiscí na gcruinnithe agus in athrú meoin, gur tugadh rochtain ar na miontuairiscí ina raibh tagairtí do dhiúscairt dramhaíola, gan aon chostas, don achomharcóir. Ina dhiaidh sin, lig an Chomhairle don achomharcóir rochtain a bheith aige ar thuairiscí na
gcruinnithe a cuireadh ar bun, leis an tuairim go raibh siad lasmuigh de scóip an iarratais. Mar thoradh air seo, socraíodh an choimhlint maidir leis na táille chun na doiciméid a aimsiú.

Scóip an Athbhreithnithe

Faoi airteagal 12(5) de Rialachán AIE, tá sé de dhualgas orm cinneadh inmheánach na Comhairle a athbhreithniú, a dheimhniú, a dhiúltú nó a athrú.
Le linn dom an t-athbhreithniú a dhéanamh, rinne mé cuntas ar iarratais a rinneadh ag an achomharcóir agus ag an gComhairle. Bhí fáil agam ar: an Doiciméad Treorach a tugadh ag Aire an Chomhshaoil, Comhphobail agus Rialtais Áitiúil faoi chur i bhfeidhm Rialachán AIE; Treoir 2003/4/CE (Treoir AIE), ar a mbunaítear Rialacháin AIE; An Chomhdháil 1988 Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí agus Rochtain ar Cheartas i gcúrsaí Comhshaoil (an Chomhdháil Aarhus); agus An Chomhdháil Aarhus - an Treoir maidir le Cur i bhFeidhm (Dara hEagrán, Meitheamh 2014).


Forálacha AIE ábhartha.
Soláthraíonn Airteagal 3(1) go gciallaíonn ''faisnéis comhshaoil''
aon fhaisnéis i bhfoirm scríofa, físiúil, closamhairc, leictreonach nó aon ábhar eile
(a) staid na n-eilimintí comhshaoil, amhail aeir agus atmaisféir, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus suíomhanna nádurtha lena n-áirítear bogaidh, áiteanna cósta agus farraige, éagsúlacht bitheolaíoch agus a comhábhair, lena n-áirítear orgánaigh géinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht idir na heilimintí seo,
(b) fachtóirí, amhail substaintí, fuinneamh, torainn, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí agus scaoilte eile san chomhshaol, a chuireann isteach nó a d'fhéadfadh cur isteach ar eilimintí an chomhshaoil.
(c) bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), amhail polasaithe, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a chuireann isteach nó a d'fhéadfadh cur isteach ar eilimintí agus fachtóirí a raibh tagairt déanta dóibh i gcaibidlí (a) agus (b) chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí a dearadh chun na heilimintí a chosaint,
(d) tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíochta comhshaoil,
(e) anailísí agus tuairimí eacnamaíocha agus luachmhara ó thaobh costais de a úsáidtear laistigh de fhráma na mbeart agus na ngníomhaíochtaí a ndearnadh tagairt dóibh in alt (c), agus
(f) staid shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear truailliú an bhiashlabhra, nuair is cuí, dálaí shaol an duine, suíomhanna cultúrtha agus struchtúir thógtha mar atá nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu ag staid na n-eilimintí comhshaoil a ndearnadh tagairt dóibh in alt (a), nó trí na heilimintí sin, nó ag aon cheisteanna a ndearnadh tagairt dóibh in alt (b) agus (c);
Soláthraítear in airteagal 7(5) aon chás a ndéantar iarratas d'údarás poiblí agus nach bhfuil an fhaisnéis atá á lorg ag an údarás nó don údarás i gceist, d'fhéadfadh an t-údarás an t-achomharcóir a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir nach bhfuil an fhaisnéis acu nó dóibh.
Soláthraítear in airteagal 7(6), nuair atá fo-airteagal (5) i bhfeidhm agus go bhfuil an t-údarás ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis ag údarás poiblí eile, d'fhéadfadh sé chomh luath agus is féidir -
(a) an t-iarratas a sheoladh chuig an údarás poiblí eile agus an t-achomharcóir a chur ar an eolas de réir mar is cuí, nó
(b) an t-achomharcóir a chur ar an eolas maidir leis an údarás poiblí a cheaptar ar cheart don iarratas a bheith seolta chuig.
Soláthraítear in 10(3) go bhféadfadh údarás poiblí cinneadh a dhéanamh ar gach iarratas ar bhonn indibhidiúil agus suim phoiblí maidir le nochtadh faisnéise agus maidir le diúltú faisnéise a mheá.

Ceisteanna Tosaigh

1. Déanamh 4 iarratas AIE in dhá lá
Rinne an t-achomharcóir 4 iarratas AIE thar dhá lá i ndiaidh a chéile, dírithe ar cheathrar oifigeach in aon údarás poiblí amháin. Bhain na hiarratais go léir leis an mbóthar-thionscadal céanna.
Is é an chéad phointe maidir leis seo ná nach bhfuil an ceart céanna faoi reachtaíocht AIE ag iarratasóirí oifigigh atá in ann déileáil lena n-iarratais a ainmniú.
Is é an dara pointe ná go mba cheart d'iarratasóirí an tromlach a d'fhéadfadh a bheith ag iarratais AIE ar údaráis phoiblí a chur san áireamh. Agus is gá d'údaráis phoiblí meas a bheith acu ar an gceart atá ag an bpobal rochtain a bheith acu ar fhaisnéis comhshaoil, ceadaítear in airteagal 9(2)(a) iarratas atá go hiomlán míréasúnta maidir le méid nó réimse na faisnéise atá á lorg a dhiúltú. Go praiticiúil, ní bheidh iarratasóirí ar an eolas faoi réimse agus méid na faisnéise a d'fhéadfadh a bheith ann a bhaineann lena n-iarratais. Ar an gcaoi chéanna, ag an tosach ní bheidh údaráis phoiblí ar an eolas faoi réimse ná méid na faisnéise atá acu maidir le hiarratas nuafhaighte. D'fhéadfadh sé titim amach go bhfuil sé soiléir go bhfuil an t-iarratas go hiomlán míréasúnta, áfach. Is léir gur cuspóir an airteagail 9(2)(a) a dheimhniú nach gcuireann Rialacháin AIE ceangal ar údaráis phoiblí déileáil le hualaí míréasúnta Sa chás reatha, seans go bhfeicfí na ceithre iarratas AIE leathana ón achomharcóir thar dhá lá i ndiaidh a chéile mar mhí-úsáid próisis ag an gComhairle, sa mhéad is gur bheartaigh an Chomhairle an tuairim a choinneáil nach raibh in aimsiú an ''iarratais iomláin'' ach iarracht gan ghlacadh leis an toradh agus á rá go raibh sé míréasúnta é a bhriseadh síos i gceithre chuid indibhidiúla a sheachaint.
Táim go huile agus go hiomlán sásta nach raibh aon intinn éagórach ag an achomharcóir nuair a sheol sé isteach a cheithre iarratas. Tá an chuma ar an scéal gur cheap sé, de thaisme, go raibh sé de cheart aige oifigeach ar leith a roghnú chun déileáil le gach iarratas. Tuigim faoi deara gur léirigh sé imní maidir le hualach amháin a chur ceann dá iarratas trí cheist a chur le go ndéanfar soláthair faisnéise de réir a chéile chun ''an méid oibre a laghdú ar ... fhoireann''. Bhí an fhaisnéis do chéim 1 á lorg aige ''anois'' agus an fhaisnéis do ''chéim 2'' á lorg amach anseo. Cé chomh dea-mhianach agus a bhí sé, ní bheadh aon fhaoiseamh ag an
gComhairle san fhoclaíocht a úsáideadh ós rud é go bhfuil sé de dhualgas orthu freagra iomlán a thabhairt laistigh de fhráma a mhínítear sna Rialacháin AIE. Ar aon chuma, tá an chuma ar an scéal nár smaoinigh an t-achomharcóir (de bharr míthuisceana maidir leis an bpróiseas, ar ndóigh) faoin ualach iomlán ar an gComhairle go bpróiseálfaidís a cheithre iarratas mar aon iarratas amháin. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh an Chomhairle (go cuí, i mo thuairimse) míshásta leis an gcaoi a ndearnadh na hiarratais AIE; ar an dea-uair, ní raibh siad.
2. Comhchaitheamh na gCeithre Iarratas AIE
Rinne an t-achomharcóir gearán go raibh comhchaitheamh na Comhairle lena cheithre iarratas ''thar a bheith mearbhlach'' agus raibh sé ina shárú ''spioraid agus intinne AIE''.
Dar le hAirteagal 10(3) de Rialacháin an AIE, tá ar an gComhairle feasacht a thabhairt do na ceithre iarratas go hindibhidiúil.
Thug an Chomhailre fógra ar cheithre bhunchinneadh maidir leis na ceithre iarratas in aon litir amháin. Chaith sí go soiléir agus go hindibhidiúil le gach iarratas AIE trí lipéadú a dhéanamh ar fhoirm 'A' go 'D'. Ní hé go raibh míthuiscint i gceist ar chor ar bith, ba uirlis mhaith í an lipéadú chun aon mhearbhall a sheachaint, agus lean mé é i m'athbhreithniú. (Déanfaidh mé tagairt do chodanna ar leith de na hiarratais le comhcheangal litreach a chuireann an t-iarratas in iúl agus uimhreach a chuireann an chuid den iarratas in iúl. Mar shampla, iarratas 'B' le cúig chuid uimhrithe. Déanfaidh mé tagairt do na codanna seo mar B1 go B5.)
Léirigh gach cinneadh ar leith an té an rinne an cinneadh (agus mar a tharla ba é an té céanna i ngach cás) agus thug sé sonraí maidir leis an gceart d'athbhreithniú inmheánach. Táim sásta gur chomhlíon an Chomhairle a dualgas chun feasacht a thabhairt do gach iarratas go hindibhidiúil.
Agus na bunchinntí faighte, rinne an t-achomharcóir iarratas amháin le haghaidh athbhreithniú inmheánach ar ''formáid'' fhreagra na Comhairle agus a ''freagra'' dá chéithre iarratas AIE.
Thug an Chomhairle fógra don toradh seo agus dá hathbhreithniú inmheánach in aon litir amháin a dhéileáil leis na ceithre iarratas agus gearáin an achomharcóra le chéile. Dúirt an té a rinne an cinneadh go ndearna sé athbhreithniú ar chinntí na gceithre iarratas go léir, agus go ndearna sé aon chinneadh amháin chun iad a dheimhniú. Táim sásta go léiríonn an cinneadh gur caitheadh le gach iarratas go hindibhidiúil.
Agus an fógra maidir leis an gcinneadh athbhreithniú inmheánach na Comhairle, rinne an t-achomharcóir achomharc amháin do m'oifig.
3. An é go raibh sé de dhualgas ar an gComhairle modhanna eile a mholadh chun an fhaisnéis arna iarraidh a fháil.
San achomharc s'aige, rinne an t-achomharcóir gearán go raibh sé de dhualgas ar an gComhairle, tar éis di a rá nach raibh roinnt faisnéise arna iarradh aici, modhanna eile a mholadh lena fáil. Soláthraítear in Airteagal 7 de Rialachán an AIE na dualgais atá ar údarás poiblí nuair a dhéantar iarratas d'fhaisnéis comhshaoil nach bhfuil aige nó dó. Cuireann Airteagal 7(6) údarás poiblí faoi cheangal gníomhaíocht a dhéanamh nuair atá sé ar an eolas go bhfuil an fhaisnéis arna iarraidh ag údarás poiblí eile. Sa chás seo, tar éis don
achomharcóir a bheith curtha ar an eolas nach raibh faisnéis ar leith aige, mhol an Chomhairle dó go mba cheart dó ceist a chur ar thríú páirtí príobháideach ar leith. Áitíonn an Chomhairle nach bhfuil an fhaisnéis den sórt seo ag tríú páirtí ar a son. Glacaim leis an gcinnteacht, toisc nach bhfeicim aon chúis go ndéanfadh conraitheoir tógála faisnéis a choimeád maidir lena chliaint. Sna cásanna seo, ní hamháin gur bhain an Chomhairle a oibleagáidí amach ach gur sáraigh sí iad.
Seasamh na Comhairle
Mar fhreagra don iarratas ó m'imscrúdaitheoir, chuir an Chomhairle a seasamh cothrom le dáta. Mar achoimre:
Iarratas 'A'
Thosaigh an t-iarratas le ''iarr ar [an gconraitheoir tógála] an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:'' Dhiúltaigh an Chomhairle go raibh aon fhaisnéis arna iarraidh ag an gconraitheoir ar son na Comhairle. Áitíonn sí nach bhfuil sí, sna dálaí seo, de dhualgas an fhaisnéis a iarraidh.
Iarratas 'B'
Iarratas faisnéise ab ea é iarratas B1 a d'fhéadfadh lárionaid dramhaíola a aithint ar thug oifigeach de chuid na Comhairle ''tipiciúil'' orthu nuair a rinne sé ráiteas ar leith. Diúltaíonn an Chomhairle go bhfuil faisnéis den sórt seo aici.
In iarratas B2 iarradh sonraí cháilíochtaí an oifigigh chéanna. Dhiúltaigh an Chomhairle go mbaineann sé seo le sonraí comhshaoil.
In iarratas B3 iarradh arbh é go raibh ''gach uile píosa faisnéise ábhartha a d'fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le 16,500 tonna dramhaíola truaillithe ar thailte an achomharcóra a mbeadh riosca poitéinseal aici don chomhshaol'' curtha san áireamh ''i Staidéar Céim 1 na Comhairle i mí Iúil 2014''. Mar fhreagra, dúirt an Chomhairle gur ullmhaíodh an tuarascáil i gcomhréir le Cód Cleachtais ábhartha an EPA. Tuigim go gciallaíonn an Chomhairle leis seo nach bhfuil taifead aici a ndeirtear ann arbh é gur cuireadh ''gach uile píosa faisnéise a d'fhéadfadh a bheith ann'' san áireamh.
In iarratas B4 iarradh cóipeanna de gach bille a bhaineann le hábhair ar leith. Agus ag áitiú nach ionann taifid den sórt seo agus faisnéis comhshaoil, dúirt an Chomhairle nach ndéanann sé cóipeanna de bhillí, agus, sa chaoi seo, níl aon chóipeanna de bhillí den sórt seo aici nó di.
In iarratas B5 iarradh cóipeanna d'admhálacha ar leith. Agus ag áitiú nach ionann taifid den sórt seo agus faisnéis comhshaoil, thug an Chomhairle cóipeanna de bhillí ábhartha a bhí aici a dúirt sí go raibh bainteach don achomharcóir.
Iarratas 'C'
In iarratais C1 agus C2 iarradh taifid chomhfhreagrais ar leith a ndearnadh tagairt dóibh i litir ar an 30ú Deireadh Fómhair 2008. Ghlac an Chomhairle go raibh dhá dhoiciméad acu ábhartha do na codanna seo. Ceanna dóibh is ea an litir ón 30ú Deireadh Fómhair 2008, atá ina cóip a cheangail an t-achomharcóir leis an iarratas AIE agus mar sin, seasann sé. Dhiúltaigh an Chomhairle gur ionann an dara litir (ón 20ú Iúil 2007) agus faisnéis comhshaoil. Cé gur dheimhnigh an cinneadh maidir leis an athbhreithniú inmheánach rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú, áitíonn an Chomhairle anois go raibh an litir mar chuid de na taifid a cuireadh ar fáil amach ansin don achomharcóir nuair a imscrúdaigh sé na comhaid ag oifig na Comhairle.
Dheimhnigh an Chomhairle do m'oifig gur ndearna sí cuardach cuimsitheach ach níor tháinig sí ar aon taifid ábhartha d'iarratas C3, C4, C5 nó C6.
In iarratas C5 iarradh cóipeanna de bhillí ar leith agus íocaíocht idir-bhainc. Dúirt an Chomhairle nach faisnéis comhshaoil í faisnéis den sórt sin agus dúirt sí chomh maith nach ndéanann sí, i gcás ar bith, cóipeanna de bhillí.
Iarratas 'D'
In iarratas D1 iarradh ''bunlitir na tairisceana ón bpríomhchonraitheoir chuig Comhairle Chontae na Mí maidir le Céim 1 Conartha R158''. Sholáthair an Chomhairle an fhoirm tairisceana a cuireadh isteach ag an gconraitheoir don achomharcóir.
Thug an Chomhairle rochtain ar a cuid taifead a bhaineann le hiarratas D2 don achomharcóir.
Maidir leis na hiarratais D3 agus D9, dúirt an Chomhairle nach faisnéis comhshaoil í faisnéis den sórt seo: a n-áirítear iontu, na sonraisc, ráitis airgeadais mhíosúla, litreacha/ éilimh d'íocaíocht eatramhacha, foréilimh do bhillí nó d'íocaíochtaí idir-bhainc agus cóipeanna de bhillí agus íocaíochtaí idir-bhainc.
In iarratas D10 agus D11 iarradh cóipeanna de thuairiscí cruinnithe, agus dúirt an Chomhairle go raibh na miontuairiscí ina luaitear diúscairt dramhaíola tugtha don don achomharcóir. Ina dhiaidh sin, thug an Chomhairle rochtain ar mhiontuairiscí uile na gcruinnithe don achomharcóir, lena n-áirítear iadsan nár luadh diúscairt dramhaíola iontu.
Seasamh an achomharcóra
D'iarr m'imscrúdaitheoir ar an achomharcóir ráiteas úr maidir lena sheasamh i leith na 32 chuid dá cheithre iarratas a thabhairt. Mar fhreagra, mhínigh an t-achomharcóir:

gur tugadh faisnéis maidir le 3 chuid dá iarratas dó (iarratais D1, D2, agus D3).
gur cheap sé go raibh rochtain ar fhaisnéis a bhaineann le 29 gcuid ar leith dá iarratas á diúltú dó go héagórach, mar aon le litir a bhí fós le réiteach a bhaineann le hiarratas

D1.
Ó rinneadh an ráiteas sin, thug an Chomhairle rochtain ar fhaisnéis ábhartha d'iarratas B5 dó (admhálacha a bhaineann le ceadúnais dramhaíola) agus le hiarratais D10 agus D11 (miontuairiscí na gcruinnithe). Chiallaigh sin go raibh 26 chuid dá iarratas fágtha chun machnamh a dhéanamh orthu, mar aon le litir a bhain le hiarratas D1 a bhí fós le réiteach de réir dealraimh.
Maidir leis na taifid a deir an Chomhairle nach bhfuil siad aici, san iarratas a rinne an t-achomharcóir dúirt sé go raibh conradh séalaithe i gceist leis an tionscadal seo, agus mar sin ba cheart go gcoimeádfaí (de réir dlí) go daingean ag na páirtithe ar feadh 12 bhliain gach conradh / tairiscint / doiciméid ábhartha. Rinne sé tagairt don Tuarascáil Beartais Náisiúnta um Choimeád Taifead Údáras Áitiúil (foilsithe ag an Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil in 2002), mar thacaíocht dá thuairim go mba cheart taifid ábhartha a chur ar fáil.
Anailís agus Torthaí
Iarratas D1
San iarratas seo iarradh ''bunlitir na tairisceana ón bpríomhchonraitheoir chuig Comhairle Chontae na Mí maidir le Céim 1 Conartha R158''. Thug an Chomhairle cóip den fhoirm tairisceana ón gconraitheoir don achomharcóir. Dúirt an t-achomharcóir gurbh é an rud a bhí ag teastáil uaidh go mór mór ná aon litir chumhdaigh a tháinig leis an bhfoirm tairisceana. Cé go bhfuil litir chumhdaigh ceangailte leis an bhfoirm tairisceana, níl mé sásta go seasfadh sí í féin mar ''bhunlitir tairisceana''. Chomh maith leis sin, ní bhfuarthas amach go raibh litir chumhdaigh ann ar chor ar bith. Faighim go bhfuil leagan amach na foirme tairisceana cosúil le leagan amach litreach iomláine, a chiallaíonn gur mí-riachtanach é úsáid litreach chumhaigh. Táim sásta gur bunlitir iomlán tairisceana í an fhoirm tairisceana arna soláthar.
Mar sin, táim sásta go bhfuair an t-achomharcóir a raibh ag teastáil uaidh in iarratas D1.
Arbh é gur chóir iarratas 'A' a dhiúltú
Glacaim le cinnteacht na Comhairle nach bhfuil aon fhaisnéis arna iarraidh san iarratas seo ar son na Comhairle ag an gconraitheoir tógála. I gcásanna mar seo ní raibh sé de dhualgas ar an gComhairle de réir Rialachán AIE iarradh ar an gconraitheoir an fhaisnéis a sholáthar. Mar sin, faighim go raibh an ceart ag an gComhairle an t-iarratas a dhiúltú. Baineann an toradh seo le gach 10 gcuid d'iarratas 'A', a chiallaigh go raibh 16 chuid de thrí iarratas fágtha chun machnamh a dhéanamh orthu.
Arbh é gur chóir diúltú toisc nach ionann faisnéis comhshaoil agus faisnéis
Áitíonn an Chomhairle nach ionann faisnéis comhshaoil agus taifid a bhaineann leis na 10 gcuid de na hiarratais:

Cáilíochtaí Oifigeach ar leith na Comhairle (iarratas B3).
Cóipeanna de bhillí agus d'íocaíochtaí idir-bhainc (iarratais B4, C5 agus D8).
Sonraisc (iarratas D4).
Ráitis Airgeadais Mhíosúla (iarratas D5).
Litreacha / éilimh d'íocaíocht eatramhacha (iarratas D6).
Foréilimh do bhillí nó íocaíochtaí idir-bhainc (iarratais C4 agus D8).
Litreacha a thugann aird do íocaíochtaí / bhillí idir-bhainc (iarratas D9).

Rinne mé mo mhachnamh arbh é gur bhain aon cheann de na taifid seo le faisnéis comhshaoil laistigh den sainmhíniú a tugadh in airteagal 3(1) de Rialacháin an AIE.
Fuair mé nár bhain siad le haon fhaisnéis comhshaoil laistigh den sainmhíniú i gcaibidlí (a), (b), (d), (e), nó (f) a bhain leis an sainmhíniú.
Rinne mé mo mhachnamh arbh é gur bhain siad le faisnéis comhshaoil laistigh den sainmhíniú i gcaibidil (c) a bhain leis an sainmhíniú ós rud é gur bhain le faisnéis i leith an tionscadail bóthar-ailínithe. Táim sásta gur bheart a chuir isteach ar eilimintí an chomhshaoil é an tionscadal seo. Mar sin, rinne mé mo mhachnamh más rud é gur ionann an fhaisnéis i gceist agus ''faisnéis maidir leis an'' tionscadal lena gcailiú mar fhaisnéis comhshaoil.
Leag mé amach mo chur chuige i leith freagairt ceiste den sórt seo i mo chinneadh i gcás Ken Foxe agus an Roinn um Chosaint (cás CEI/15/0007 - atá ar fáil ar shuíomh gréasáin m'oifige.
www.ocei.ie). Chuir mé réasúnú den chineál céanna i bhfeidhm agus mé i mbun an athbhreithnithe seo. Tháinig mé ar an tuairim nár fhaisnéis atá lárnach don tionscadal seo í an fhaisnéis i gceist faoin teideal seo. Faisnéis a léireoidh cáilíochtaí oifigigh (i gcásanna seo), nó ní léireodh an fhaisnéis maidir leis an gcaoi ar tugadh íocaíocht don chonraitheoir nó cathain a rinne é nó arbh é go ndearnadh é, aon rud ábhartha don léitheoir faoin tionscadal ná ní léireodh sé arbh é gur cuireadh tús leis an tionscadal nó an chaoi inar bainistíodh é. Táim eolasach gur ceist a bhaineann le taifead poiblí é an tionscadal seo. Rinne mé rí-iarracht na sonraisc a scrúdú chun fáil amach an raibh, mar aon le hiarratais d'íocaíocht, aon fhaisnéis a bhí lárnach don tionscadal iontu. Fuair mé nach raibh aon fhaisnéis iontu. Mar sin, faighim nach bhfuil an fhaisnéis nach faisnéis comhshaoil dar leis an gComhairle sa liosta thuas ina faisnéis comhshaoil. Ciallaíonn sé sin go raibh 6 chuid den iarratas fágtha chun machnamh a dhéanamh orthu.
Mar fhreagra ar iarratas C1 agus C2, dhiúltaigh an Chomhairle rochtain a thabhairt, ina cinneadh athbhreithnithe inmheánach, ar litir 8 leathanach ón 20ú Iúil 2007, (le teideal: ''Maidir le: Cuntas Deiridh Réamh-Mheasta'') ar an mbunús nach faisnéis comhshaoil í. Déanann an litir cur síos ar liosta fada ceisteanna ba chúis leo an tionscadal dul thar am agus thar chostas. Táim den tuairim go mbaineann an litir seo le faisnéis comhshaoil ós rud é go bhfuil an fhaisnéis atá inti lárnach do dhul chun cinn an tionscadal bóthar-ailínithe, mar bheart agus mar ghníomhaíocht a bhfuil tionchar aici ar an gcomhshaol. Faighim nach raibh sé cóir ag an gComhairle rochtain ar an litir seo a dhiúltú ar an gcúis arna tabhairt
Áitíonn an Chomhairle anois go raibh an litir seo mar chuid de na taifid a cuireadh ar fáil amach ansin don achomharcóir nuair a rinne sé imscrúdú ar na comhaid ag oifig na Comhairle. Nuair a dúirt m'imscrúdaitheoir seo leis an achomharcóir, dúirt sé nach raibh aon chomhfhreagras leis an gComhairle nó lena gComhairleoirí ón [conraitheoir tógála] sna comhaid a cuireadh ar fáil dom''. Tugaim aird ar aon taifead nach raibh ann a léireodh gur cuireadh an litir ar fáil don achomharcóir. Sna dálaí seo, cé go nglacaim le macántacht na Comhairle, ní féidir liom bheith go hiomlán sásta gur tugadh rochtain ar an litir seo.
Ciallaíonn sé seo go bhfuil 4 chuid den iarratas fágtha (.i. dóibh siúd a bhaineann le hiarratais B1, B3, C3 agus C6) chun machnamh sa bhreis a dhéanamh orthu. Áitíonn an Chomhairle nach bhfuil aon fhaisnéis a bhaineann leis na codanna seo á coimeád siar aici, toisc nach bhfuil an fhaisnéis aici nó di.
Arbh é go raibh diúltú cóir ós rud nach raibh an fhaisnéis aici
Thug an Chomhairle cuntas maidir leis na hiarrachtaí cuardaigh do m'oifig. Dúirt sí go raibh gach taifead ábhartha faighte aici óna rannóg uile. Dúirt sí chomh maith gur iarr sí ar innealtóirí comhairleacha an tionscadail gach faisnéis ábhartha óna mbogchomhaid agus óna gcruachomhaid a thabhairt di. Dúirt an Chomhairle gur tugadh gach cóip den fhaisnéis a bhí coimeádta siar do m'oifig agus nach raibh aon fhaisnéis ag an gComhairle nó don Chomhairle. Dúirt an t-achomharcóir leis m'imscrúdaitheoir, nuair a d'fhreastail sé ar oifig na Comhairle gur tugadh 'rochtain dó ar idir 20 agus 24 chomhad stua A4 agus 12 chlib stórála ina raibh léarscáileanna suímh A1/A0''.
In iarratas B1 iarradh sonraí maidir leis na tailte a raibh tagairt á déanamh ag oifigeach Comhairle orthu nuair a rinne sé ráiteas faoi shuíomhanna cóireála talaimh R10 'tipiciúla'. Níl iontas orm go ndeir an Chomhairle nach bhfuil aon taifead den sórt seo aici; ní bheinn ag siúl go mbeadh taifead den sórt seo aici.
Ar an gcuma chéanna, in iarratas B3 iarradh faisnéis a léireodh arbh é gur cuireadh ''gach uile píosa faisnéise ábhartha'' a bhaineann le dramhaíl thruaillithe ar thalamh ar leith san áireamh i dtaifead ar leith. Níl iontas orm nach bhfuil aon taifead den sórt seo ag an gComhairle; Ní bheinn ag siúl go mbeadh taifead den sórt seo aici.
In iarratas C3 iarradh cóipeanna de mhiontuairiscí cruinnithe, .i. dóibh siúd a ndearnadh tagairt orthu i litir ó 30ú Deireadh Fómhair 2008 a bhaineann le cuntas deiridh an tionscadail. Dheimhnigh an Chomhairle do m'oifig gur bhain a cuardach amach nach bhfuil aon chóipeanna de mhiontuairiscí den sórt seo aici. Tosaíonn an litir í féin le ''Cruinnithe le Déanaí agus Plé maidir leis an gcur ar aghaidh thuas''. D'fhéadfadh sé tarlú go gceapfadh té go gcuirfí miontuairiscí a bhaineann leis an méid a bhí pléite agus beartaithe ag na cruinnithe sin ar thaifead. Tugaim faoi deara, áfach, nár thug an litir ón 30ú Deireadh Fómhair 2008 aird ar na miontuairiscí ar chor ar bith, rud a fhágann an fhéidearthacht ar oscailt nach ndearnadh aon mhiontuairiscí. Níor dhéanfainn an rogha chun an chumhacht sin chur i bhfeidhm ach amháin i ndálaí as cuimse. Sa chás seo, agus mé tuisceanach gur tugadh an deis don achomharcóir ag an gComhairle na comhaid a imscrúdú, glacaim le cinnteacht na Comhairle. Seo an cinneadh a bheadh agam fiú más rud é go moltar taifid den sórt seo a choimeád (más rud é go bhfuil siad ann, agus más rud é gur léiríodh é nach raibh siad sa chás) faoin Tuarascáil Beartais Náisiúnta um Choimeád Taifead Údarás Áitiúil. Ní hé go bhfuil sé mar fheidhm agam imscrúdú nó rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh údarás áitiúil leis an doiciméad sin, nó ar riachtanais a bhaineann le conarthaí séalaithe. Tugaim faoi deara go dtugann na hábhair sa litir ón 20ú Iúil 2007 (le teideal ''maidir le: Cuntas Deiridh Réamh-Mheasta), a fuair mé amach go raibh siad á gcoimeád siar go héagórach ag an gcinneadh athbhreithnithe inmheánach, sonraí cuimsitheacha maidir leis na ceisteanna a raibh seans maith ann go ndearnadh plé orthu i gcainteanna faoi shocrú deiridh an chuntais.
In iarratas C6 iarradh ''cóipeanna gach doiciméad idir Bainisteoir Chomhairle Chontae na Mí, Oifigigh nó Comhairleoirí maidir le R158 do Roinn an Chomhshaoil, an Roinn Iompair, Údarás Bóithre Náisiúnta maidir le Cuntas Deiridh €21 milliún. Dheimhnigh an Chomhairle do m'oifig chomh maith gur bhain a cuardach amach nach raibh cóipeanna de dhoiciméid den sórt seo aici. Glacaim leis an gcinnteacht seo.
Mar sin, faighim gur chóir gan rochtain a thabhairt ar fhaisnéis comhshaoil ar an mbunús nach raibh sí ag an gComhairle nó don Chomhairle.
Táim sásta gur dhéileáil mé le gach cuid den cheithre iarratas a bhí mar ábhar an athbhreithnithe seo.

Cinneadh

Tar éis dom cinneadh athbhreithnithe inmheánach na Comhairle a athbhreithniú, faighim, le heisceacht amháin, go raibh an ceart ag an gComhairle gan rochtain a thabhairt ar fhaisnéis nach raibh aici nó di nó ós rud é nach faisnéis comhshaoil í. Fuair mé go raibh faisnéis comhshaoil sa litir ó 20 Iúil 2007 le teideal ''maidir le: Cuntas Deiridh Réamh-Mheasta'', agus gur éagóir é gan rochtain a thabhairt ar an litir seo.
Mar sin, athraím cinneadh na Comhairle chun teacht le mo thorthaí. Faoin chumhacht a thugtar in airteagal 12(5) Rialachán an AIE, agus gan glacadh go n-áitíonn an Chomhairle go bhfuil sí tar éis rochtain ar an litir ón 20ú Iúl 2007 a thabhairt, cuirim an Chomhairle faoi cheangal cóip den litir a chur ar fáil don achomharcóir, chun an clabhsúr a chur ar an gceist seo.

Achomharc don Ard-Chúirt

D'fhéadfadh páirtí don achomharc nó aon duine ar chuir an cinneadh seo isteach air/uirthi achomharc a dhéanamh don Ard-Chúirt ar phointe dlí ón gcinneadh seo. Ba cheart achomharc den chineál seo a thosú ar a laghad dhá mhí tar éis fógra an chinneadh a bheith tugtha don duine a rinne an t-achomharc.
___________________________
Peter Tyndall Coimisinéir um Fhaisnéis