An Coimisinéir Comhshaoil: Feabhas ar chinnteoireacht maidir le hiarrataí ar fhaisnéis in 2025
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag labhairt dó ar fhoilsiú a Athbhreithnithe Bhliantúil do 2025, thug an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, Ger Deering, aitheantas don fheabhas atá tagtha ar an gcaoi a láimhseálann údaráis phoiblí iarrataí ar fhaisnéis chomhshaoil faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC).
Soláthraíonn na Rialacháin RFC ceart don phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh údaráis phoiblí amhail ranna rialtais, údaráis áitiúla agus comhlachtaí Stáit eile. Déanann an Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil athbhreithniú ar chinntí a dhéanann údaráis phoiblí ar iarrataí RFC.
Dúirt an Coimisinéir gur eisigh a Oifig 189 gcinneadh foirmiúil in 2025, agus gur cuireadh cinneadh an údaráis phoiblí ar ceal mar fhreagra ar iarratas RFC i díreach faoi bhun 55% de na cásanna. Cé go bhfuil sé fós ard, dúirt an Coimisinéir gur treocht anuas fáilteach a bhí ann. Bhí an ráta neamhniú in 2023 díreach faoi bhun 92% de na cásanna agus thit sé in 2024 go díreach faoi bhun 66%.
Dúirt an Coimisinéir go raibh rannpháirtíocht shuntasach ag a Oifig le húdaráis phoiblí agus gurbh é aidhm a Oifige “leanúint de dhea-chinnteoireacht agus scaipeadh faisnéise ag údaráis phoiblí a chur chun cinn, agus súil leis go laghdófaí an gá atá le hachomhairc a dhéanamh ar chinntí.”
Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar líon na n-achomharc a rinneadh chuig Oifig an Choimisinéara. Lean an treocht sin ar aghaidh in 2025 le 352 achomharc ar chinntí RFC, méadú 12.5% ar 2024.
Mar a tharla sna blianta roimhe seo, lean iarrataí ar fhaisnéis a bhaineann le foraoiseacht de bheith i réim in obair an Choimisinéara, agus bhain thart ar 66% d’achomhairc le cinntí ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, nó ó Choillte.
Tá Athbhreithniú Bliantúil 2025 an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil ar fáil anseo.
CRÍOCH
Sonraí Teagmhála:
David Nutley
Ceann Cumarsáide
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
Fón: 086 412 0240
Ríomhphost: david.nutley@ombudsman.ie
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2