Ar nós gach duine ag an tráth seo, tuigimid go maith go bhfuil údaráis phoiblí ag díriú faoi láthair ar rioscaí sláinte a íoslaghdú agus go bhfuil pleanáil á déanamh acu chun leanúint le seirbhísí bunriachtanacha a chur ar fáil.
Tuigimid go mb’fhéidir go n-imreoidh impleachtaí acmhainní, ath-imlonnú foirne i roinnt limistéar ina measc, e.g. chun cabhrú le rianú, tionchar ar chumas údarás poiblí chun leanúint le seirbhísí a sholáthar laistigh de na gnáth-thréimhsí ama. Iarraimid ar dhaoine a dhéanann iarraidh agus ar achomharcóirí chun é seo a chur san áireamh.
Is é an bealach is éasca chun achomharc a dhéanamh ná an fhoirm ar líne a úsáid. Sula ndéanfaidh tú achomharc, seiceáil go bhfuil tú incháilithe d’achomharc a dhéanamh.
Sula ndéanfaidh tú achomharc, molaimid duit na taifid uile ar an teagmháil a bhí agat leis an údarás poiblí i ndáil leis an iarraidh a bhailiú. Má tá na taifid sin agat i bhfoirm leictreonach, beidh tú in ann iad a íoslódáil. Mura bhfuil tú in ann é sin a dhéanamh, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar líne go fóill agus na taifid a sheoladh le ríomhphost nó le casadh an phoist ansin.
Áirítear leis na taifid sin:
Tabhair faoi deara nach féidir foirm achomhairc atá comhlánaithe go páirteach a shábháil lena críochnú níos déanaí. Ní mór duit achomharc iomlán a dhéanamh in aon seisiún amháin. Lean na treoirlínte thíos ionas go mbeidh tú ullamh.