Óráid ó Peter Tyndall, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, ag cruinniú de chuid Chumann Dlíodóirí Comhshaoil na hÉireann.

13 Deireadh Fómhair 2015

Go raibh maith agaibh as cuireadh a thabhairt dom labhairt os comhair an Chumainn ar na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Ba mhaith liom plé a dhéanamh ar fhorbairt an chórais um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol in Éirinn. Tabharfaidh mé aird ar na gnéithe uathúla de rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus tabharfaidh mé forbhreathnú gairid ar na saincheisteanna dlíthiúla agus praiticiúla a bhfuil feidhm acu maidir le hachomharc a dhéanamh chuig m’Oifig.

Cad is rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ann?

Tháinig an córas um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (ar a dtugtar córas AIE in Éirinn freisin) chun aird an phobail an samhradh seo tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Uachtarach maidir le hachomharc ón nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní in aghaidh breithe ón gCoimisinéir roimhe. Bhí deacracht ag cuid mhór de na meáin chumarsáide ainm na hionstraime dlíthiúla a bhí i gceist leis an gcás a ainmniú – tuairiscíodh gur faoin dlí “um shaoráil faisnéise faoin gcomhshaol”, “le hionstraim ar a dtugtar EIR” nó faoi “chóras atá cosúil le saoráil faisnéise” a rinneadh an iarraidh. Tá an mearbhall sin mar fhianaise ar an easpa feasachta atá ann i gcoitinne ar an gceart rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, go háirithe nuair a chuirtear an méid sin i gcomparáid leis an ardphróifíl atá ag an gcóras um shaoráil faisnéise.

Is gá an cheist a chur, mar sin – cad é an luach atá leis an gcóras um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol don phobal agus cén fáth a roghnódh iarratasóir iarraidh a dhéanamh faoi?

Forbairt an chórais um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol in Éirinn

Tugtar leis na Rialacháin, de bharr Oifig an Choimisinéara Faisnéise a bheith i mo sheilbh, an ról mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil dom. Tá an dá ról scartha go dlíthiúil óna chéile. Mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, tugaim breith ar achomhairc ó dhaoine den phobal nach bhfuil sásta leis an toradh ar a n-iarraidh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.

Tagann an córas um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol as Treoir 90/313/CEE maidir leis an tsaoirse chun faisnéis faoin gcomhshaol a fháil, rud a trasuíodh in Éirinn trí bhíthin ionstraim reachtúil sa bhliain 1993. B’ionann an tionscnamh Eorpach sin agus imeacht ón gcultúr traidisiúnta rúndachta a bhí i réim in údaráis phoiblí. Tharla sé sa chleachtas, áfach, nár cruthaíodh leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 1993, ach cumas teoranta chun faisnéis a rochtain. Níor leagadh ceart éifeachtach achomhairc síos leo ach oiread.

Rinne Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) Coinbhinsiún Aarhus a thabhairt chun críche sa bhliain 1998. Bunaítear le hAirteagal 1 den Choinbhinsiún an “ceart atá ag gach duine den ghlúin seo agus de ghlúnta amach anseo cónaí i dtimpeallacht atá leordhóthanach dá sláinte agus dá bhfolláine”.  Chun seasamh leis an gceart sin, bunaítear le Coinbhinsiún Aarhus córas ceart comhshaoil poiblí atá bunaithe ar thrí cholún: rochtain ar fhaisnéis; rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht; agus rochtain ar cheartas. Dhaingnigh an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún sa bhliain 2005. Dhaingnigh Éire é ina dhiaidh sin sa bhliain 2012.

Le Treoir 2003/4/CE, cuirtear an chéad cholún de Choinbhinsiún Aarhus chun feidhme – an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Is leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, 2007 go 2014, a thrasuitear an Treoir in Éirinn. Is é cuspóir na Treorach a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol atá á sealbhú ag údaráis phoiblí nó thar a gceann, gan ceangal a chur orthu an leas atá acu a lua. Tá na téarmaí lárnacha sin – “údarás poiblí” agus “faisnéis faoin gcomhshaol” – sainmhínithe faoi Choinbhinsiún Aarhus agus faoi Rialacháin na hÉireann maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.

Chun críocha na rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, is ann do thrí chatagóir d’údarás poiblí:

  • comhlachtaí ar cuid nádúrtha den riarachán phoiblí iad, amhail an rialtas nó údaráis áitiúla;
  • comhlachtaí a bhfuil cumhachtaí speisialta dílsithe dóibh sa dlí chun feidhm riaracháin phoiblí a chomhlíonadh, amhail an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní;
  • agus comhlachtaí a bhfuil freagrachtaí poiblí orthu nó a bhfuil feidhmeanna poiblí acu, nó a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, a bhaineann leis an gcomhshaol, ar comhlachtaí iad atá á rialú ag údarás poiblí níos airde.

Tugtar sainmhíniú leathan ar an téarma “faisnéis faoin gcomhshaol” leis na Rialacháin. Áirítear léi faisnéis, in aon fhoirm ábhartha, faoi na heilimintí den chomhshaol agus faoi na tosca comhshaoil a dhéanann difear don chomhshaol agus faisnéis faoi bhearta agus faoi ghníomhaíochtaí a dhéanann difear don chomhshaol nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh don chomhshaol.

Foráiltear leis na Rialacháin go mbeidh faisnéis díolmhaithe óna nochtadh in imthosca áirithe, mar shampla, i gcás go ndéanfadh nochtadh na faisnéise difear díobhálach do rúndacht faisnéise pearsanta nó tráchtála nó do leasanna tríú páirtithe. Cé go dtuairiscítear roinnt de na díolúintí mar chinn éigeantacha, is amhlaidh gur gá an leas pobail a bhfreastalaíonn nochtadh na faisnéise air a bhreithniú i ngach cás. Más le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol, mar shampla, a bhaineann an fhaisnéis faoin gcomhshaol atá á lorg, glacfar leis nach mór an fhaisnéis sin a eisiúint.

Na difríochtaí idir an córas saorála faisnéise agus an córas um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol

Is fiú na difríochtaí idir an córas saorála faisnéise agus an córas um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a phlé ar dtús.

Murab ionann agus an Ríocht Aontaithe, tá córas saorála faisnéise na hÉireann scartha ó na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Mar sin, d’fhéadfadh go mbeadh iarratasóir i dteideal an fhaisnéis cheannann chéanna faoin gcomhshaol a rochtain faoin gcóras saorála faisnéise agus faoin gcóras um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol araon.

Cé go bhféadfar leis an gcóras saorála faisnéise rochtain a chur ar fáil ar raon níos leithne ábhar, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag an gcóras um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol maidir le líon níos airde údarás poiblí. Glactar seasamh leathan san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, maidir le cé na comhlachtaí poiblí atá faoi réir na bhforálacha saorála faisnéise. Mar sin féin, níl roinnt comhlachtaí poiblí faoi réir na bhforálacha ach go páirteach agus tá comhlachtaí eile eisiata go sonrach uathu. Tá formhór na gcomhlachtaí tráchtála leathstáit díolmhaithe ó na forálacha saorála faisnéise, mar shampla, ach d’fhéadfadh go mbeidís faoi réir na bhforálacha maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.

Mar an gcéanna, i gcás go bhfuil comhlacht faoi réir na bhforálacha saorála faisnéise go páirteach, d’fhéadfadh go gcumasófaí leis na forálacha maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol rochtain a fháil ar fhaisnéis níos fairsinge. Mar shampla, níl an Garda Síochána faoi réir na bhforálacha saorála faisnéise ach amháin a mhéid a shealbhaíonn sé taifid riaracháin a bhaineann le hacmhainní daonna nó le cúrsaí airgeadais nó sainfhála. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh sé faoi réir na bhforálacha maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol i ndáil le haon cheann dá chuid feidhmeanna, ar an gcoinníoll gur faisnéis faoin gcomhshaol í an fhaisnéis atá á lorg.

Agus breithniú á dhéanamh againn ar na difríochtaí idir an córas saorála faisnéise agus an córas um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, ba cheart dúinn a chuimhneamh gur tionscnamh náisiúnta arna fhorbairt ag an Oireachtas agus ag Cúirteanna na hÉireann í an reachtaíocht um shaoráil faisnéise agus gur ón Dlí Eorpach agus ón Dlí Idirnáisiúnta a thagann an reachtaíocht um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Dá bhrí sin, is amhlaidh, faoi Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go bhféadfar ceisteanna maidir le léiriú na Treorach maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun réamhrialú a thabhairt. Chomh maith leis sin, féadfaidh daoine den phobal cumarsáidí a sheoladh chuig an gCoiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus maidir leis an dóigh a bhfuil páirtí ar leith ag comhlíonadh an Choinbhinsiúin. Agus na Rialacháin á léiriú agam, ní mór dom aird a thabhairt ar an Treoir agus ar Choinbhinsiún Aarhus, ar bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ó Chúirteanna na hÉireann, agus ar threoir arna foilsiú ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Féadfaidh mé aird a thabhairt freisin ar an doiciméad ‘Coinbhinsiún Aarhus: Treoir Cur Chun Feidhme’ ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip. Mar sin, is leithne raon na bhfoinsí dlíthiúla atá i gceist leis na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol ná iad sin atá i gceist leis an reachtaíocht um shaoráil faisnéise.

Chomh maith leis sin, creideann roinnt cleachtóirí gur láidre an ceart rochtana ar fhaisnéis faoi na Rialacháin ná faoin reachtaíocht um shaoráil faisnéise, go háirithe i gcás go mbaineann an fhaisnéis le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol. Léiríodh an méid sin sa bhreith a thug mé an 21 Lúnasa 2015 sa chás Cairde Chomhshaol na hÉireann agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (CEI/13/0001). Sa chás sin, chinn mé gurbh astaíocht isteach sa chomhshaol é an cógas a bhí á thabhairt d’iasc feirme. Chinn mé, mar sin, nach bhféadfaí leis an díolúine ar fhoras rúndachta tráchtála sárú a dhéanamh ar an toimhde a bhí i bhfabhar an fhaisnéis a nochtadh.

Beag beann ar na buntáistí a bhraitear a bheith ag baint le hiarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin, is amhlaidh gurb an-íseal atá an líon iarrataí a fhaightear fúthu. Phróiseáil údaráis phoiblí na hÉireann 373 iarraidh faoi na Rialacháin sa bhliain 2013, i gcomparáid le 19,000 iarraidh saorála faisnéise sa bhliain chéanna.  Deonaíodh thart ar 65% de na hiarrataí sin go hiomlán nó go páirteach ón tús (atá níos ísle ná céatadán na n-iarrataí saorála faisnéise ar ina leith a rinneadh amhlaidh) agus rinne údaráis phoiblí 35 athbhreithniú inmheánacha. Fuair m’Oifig 18 n-iarratas achomhairc sa bhliain 2014.

Bunaithe ar eispéireas na hOifige, tá iarracht déanta ag iarratasóirí eolacha leas a bhaint as saintréithe uathúla agus as raon feidhme leathnaithe na Rialachán chun rochtain a fháil ar fhaisnéis nach mbeadh ar fáil ar shlí eile. Mar thoradh air sin, is minic a iarrtar orm, agus ba mhinic a d’iarrtaí ar an gCoimisinéir roimhe, soiléiriú a thabhairt ar nithe a bhaineann le dlínse tairsí. Tabharfaidh mé breac-chuntas ar na nithe sin anois.

Cad is faisnéis faoin gcomhshaol ann?

Is é is aidhm don sainmhíniú ar “fhaisnéis faoin gcomhshaol” speictream leathan faisnéise a chumhdach. Rud suntasach, áirítear le faisnéis faoin gcomhshaol faisnéis faoi bhearta agus faoi ghníomhaíochtaí a dhéanann difear d’eilimintí den chomhshaol nó ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’eilimintí den chomhshaol. Ó thaobh ceisteanna léirithe de, tá sé deacair a shainiú cé na bearta nó na gníomhaíochtaí ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’eilimintí den chomhshaol. Is beag gníomhaíocht nach ndéanfadh aon difear ar bith d’eilimintí den chomhshaol – déanann gach rud a phriontáiltear ar pháipéar difear díobhálach do chrann, mar shampla. Ní chreidim, áfach, go raibh i gceist leis an Treoir maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol córas um rochtain ar fhaisnéis a chruthú a mbeadh a raon feidhme inchomparáide le raon feidhme an chórais saorála faisnéise.

Maidir leis sin, is fiú plé a dhéanamh ar choincheap na tástála Naisc Íosta a tháinig chun cinn sa bhliain 2003 sa bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais maidir le cás Glawischnig (C-316/01). Bhain an fhaisnéis a bhí i gceist sa chás sin le ceanglais lipéadaithe ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe. Chinn an Chúirt nárbh fhaisnéis faoin gcomhshaol í an fhaisnéis ar lipéid na dtáirgí toisc go raibh sé mar chuspóir leis na rialuithe faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí maidir le saincheisteanna lipéadaithe agus fógraíochta, agus ní an comhshaol a chosaint. Chinn an Chúirt nach gcruthaítear leis an Treoir ceart rochtana ginearálta neamhtheoranta ar an fhaisnéis ar fad atá á sealbhú ag údaráis phoiblí agus ag a bhfuil nasc, is cuma cé chomh beag is atá an nasc sin, le ceann amháin de na tosca comhshaoil. Cé gur tionscnaíodh cás Glawischnig roimh thabhairt isteach na Treorach reatha, is amhlaidh gur leagadh prionsabal tábhachtach síos ann, is é sin: ní chruthaítear leis an Treoir ceart neamhtheoranta chun faisnéise.

Chuir an Coimisinéir roimhe an prionsabal sin i bhfeidhm i gcomhthéacs na hÉireann sa bhreith uaithi ar an gcás An tUas. Gavin Sheridan agus Banc Ceannais na hÉireann (CEI/11/0001). Ba é an cheist sa chás sin ná cé acu a bhí nó nach raibh údar ag an mBanc le diúltú géilleadh do rochtain ar fhaisnéis a bhain le héilimh mhíleáiste ar an bhforas nárbh fhaisnéis faoin gcomhshaol de réir bhrí na Rialachán í an fhaisnéis lena mbaineann.

Ar iarratas, thug an banc rochtain ar fhaisnéis faoi mhodhanna iompair, faoi achair agus faoi dhátaí taistil. Ba é an cheist anseo ná cé acu a bhí nó nach raibh an fhaisnéis neamheisithe i ndáil le héilimh liúntas míleáiste ina faisnéis faoin gcomhshaol.

Chinn an Coimisinéir O’Reilly nach mór, ar a laghad, go léirítear le faisnéis faoi ghníomhaíocht an nasc atá ann le tionchar na gníomhaíochta ar an gcomhshaol; ní leor an fhaisnéis a bheith ag baint leis an ngníomhaíocht amháin. I bhfocail eile, ní mór nasc dóthanach a bheith ann idir an fhaisnéis lena mbaineann agus an ghné den ghníomhaíocht a dhéanann difear do na heilimintí agus do na tosca comhshaoil.

Cé gur cuireadh rud beag amhrais in iúl ina leith, glacadh leis go dtagann taisteal oifigiúil i gcarr faoin sainmhíniú sin. Mar sin féin, ní raibh ag na míreanna eile faisnéise – lena n-áirítear cinn scríbe, mótarchostais agus méideanna míleáiste – nasc dóthanach le tionchar comhshaoil an taistil i gcarr chun teacht faoin sainmhíniú ar “fhaisnéis faoin gcomhshaol” faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Sna himthosca sin, chinn an Coimisinéir go raibh údar ann leis an mbreith ón mBanc.

Meastar go dtabharfaidh an Ard-Chúirt breithiúnas ar an sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol go luath, agus ba cheart go dtabharfaí tuilleadh soiléirithe maidir leis an tástáil Naisc Íosta dá bharr sin. Tháinig an t-achomharc ón mbreith a thug mé sa chás An tUas. Stephen Minch agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (CEI/13/0006). Sa chás sin, bhreithnigh mé an cheist maidir le cé acu a bhí nó nach raibh údar ag an Roinn le diúltú géilleadh do rochtain ar thuarascáil maidir le himpleachtaí costais na roghanna éagsúla beartais le haghaidh leathanbhanda den chéad ghlúin eile a chur chun feidhme. Chinn mé nárbh fhaisnéis faoin gcomhshaol de réir bhrí na Rialachán í an fhaisnéis sa tuarascáil toisc go raibh an tuarascáil ina doiciméad straitéise ardleibhéil inar leagadh spriocanna síos do sholáthar leathanbhanda agus toisc nach raibh ach nasc fíorbheag aici le heilimintí den chomhshaol nó le tosca a dhéanann difear don chomhshaol. Ar achomharc na breithe sin, iarradh ar an Ard-Chúirt teorainneacha na Treorach maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a shainiú. Déanfaidh mé breithniú cúramach ar an mbreithiúnas atá le teacht uaithi ina leith sin.

Cad is údarás poiblí ann?

Ní eile a bhaineann le dlínse tairsí is ea an cheist maidir le cé acu atá nó nach bhfuil comhlacht ina “chomhlacht poiblí” atá faoi réir na Rialachán. Níl aon liosta críochnaitheach ann de na comhlachtaí atá faoi réir na Treorach maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Ar mhaithe le feidhmeanna poiblí díláraithe a thabhairt i gcuntas, áirítear trí chineál údarás poiblí le Coinbhinsiún Aarhus. Tá sé fós dúshlánach na trí chatagóir sin a chur i bhfeidhm i gcásanna fíorshaoil, áfach.

Sa bhreithiúnas uaithi maidir le cás Fish Legal sa bhliain 2013 (C-279/12), thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh treoir do na Ballstáit maidir leis an sainmhíniú ar údarás poiblí. I mbeagán focal, chuir an Chúirt Bhreithiúnais síos ar na cumhachtaí a bheadh dílsithe do chomhlacht poiblí a thagann faoin dara cuid den sainmhíniú. Chuir sí síos freisin ar an gcineál rialaithe a bheadh i bhfeidhm maidir le húdaráis phoiblí a thagann faoin tríú cuid den sainmhíniú.

I mí an Mheithimh i mbliana, thug an Chúirt Uachtarach an breithiúnas uaithi sa chás An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) agus an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil.  Chinn an Chúirt gurb amhlaidh go bhfuil NAMA ina údarás poiblí chun críocha na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, ach bhí na cúiseanna leis an mbreith sin difriúil leo sin a raibh an m’Oifig ag brath orthu nuair a tháinig sí ar an gconclúid chéanna.  Chinn an Chúirt gur cháiligh NAMA mar údarás poiblí faoin dara catagóir den sainmhíniú ar údarás poiblí, is é sin, mar dhuine dlítheanach a chomhlíonann feidhmeanna riaracháin phoiblí.

Agus í ag cinneadh gur tháinig NAMA faoin sainmhíniú ar údarás poiblí, bhí rochtain ag an gCúirt ar an mbreithiúnas i gcás Fish Legal, rud nach raibh ar fáil don Choimisinéir roimhe nuair a thug sí breith ar an ábhar.  I bhfianaise an bhreithiúnais i gcás Fish Legal, ba dheimhin leis an gCúirt Uachtarach gurb amhlaidh go bhfuil NAMA ina údarás poiblí a chomhlíonann feidhmeanna riaracháin phoiblí, ar an mbonn gur dílsithe dó atá cumhachtaí speisialta a théann thar na cumhachtaí a thagann as na gnáthrialacha is infheidhme maidir le caidreamh idir daoine arna rialú ag an dlí príobháideach, cé go bhfuil oibleagáid ar NAMA gníomhú ar bhonn tráchtála.

Chomh maith leis sin, d’fhormhuinigh an Chúirt cur chuige cuspóiriúil i leith na Rialachán maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a léiriú. Mhínigh an Breitheamh O’Donnell nach leor é, agus na Rialacháin á léiriú, aird a thabhairt ar an dlí náisiúnta agus, go háirithe, ar na gnáthphrionsabail um léiriú reachtúil i ndlí na hÉireann amháin.  Is gá na Rialacháin a thuiscint mar chinn lena gcuirtear forálacha Threoir 2003/4/CE (agus, go hindíreach, forálacha Choinbhinsiún Aarhus) chun feidhme agus, mar ábhar dlí bhunreachtúil, níor cheart dóibh dul níos faide ná téarmaí na Treorach, cé gur cheart dóibh na téarmaí sin a chomhlíonadh ag an am céanna.  Agus na Rialacháin á léiriú, mar sin, is gá breithniú a dhéanamh ar cad a dhéantar leis an Treoir agus ar cad is brí léi. Mar sin, d’fhéadfaí gur ghá forálacha Choinbhinsiún Aarhus a léiriú freisin.

Rud spéisiúil, thug an Chúirt le fios gurb amhlaidh, mura raibh sí in ann dul i muinín an bhreithiúnais i gcás Fish Legal, go measfadh sí gur ghá an cheist maidir le cé acu a bhí nó nach raibh comhlacht amhail NAMA ina chomhlacht poiblí chun críche na Treorach a chomhlíonann feidhmeanna riaracháin phoiblí a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais.  Dá bhrí sin, tá cás NAMA mar fhianaise ar cé chomh casta is a bhíonn ceisteanna dlínse tairsí faoi na Rialacháin.

Cleachtas agus Nós Imeachta

Ba mhaith liom plé a dhéanamh anois ar na gnéithe praiticiúla agus nós imeachta a bhaineann le hiarraidh a dhéanamh faoi na Rialacháin.

Tá gach duine nádúrtha nó dlítheanach i dteideal iarraidh a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. In Éirinn, ní mór iarrataí den sórt sin a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór a lua iontu go bhfuil an iarraidh á déanamh faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Is féidir iarrataí a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha, lena n-áirítear trí ríomhphost agus trí na meáin shóisialta. Ní mór d’údaráis phoiblí breith a thabhairt ar iarraidh tráth nach déanaí ná dhá mhí ón dáta a rinneadh an iarraidh. Foráiltear leis na Rialacháin go ndéanfaidh an t-údarás poiblí athbhreithniú inmheánach i gcás go ndiúltófar d’iarraidh ar an gcéad ásc. Féadfar achomharc a dhéanamh chuig m’Oifig ina dhiaidh sin.

Tá oibleagáid ar údaráis phoiblí cúnamh a thabhairt d’iarratasóirí iarraidh bhailí a dhéanamh.  Foráiltear le halt 12(7) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, go bhféadfaidh comhlacht saorála faisnéise a chur in iúl d’iarrthóir go bhféadfar rochtain a fháil ar thaifid faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol seachas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Níl aon sásra réamhshocraithe uathoibrithe ann go ndéileálfaí le hiarraidh trí achtú oiriúnach eile, áfach. I gcásanna den sórt sin, bheadh oibleagáid ar iarratasóirí iarraidh nua a dhéanamh.

Déantar achomhairc chuig m’oifig a sheoladh bunaithe ar aighneachtaí scríofa ó pháirtithe agus, nuair is gá, ar athbhreithniú ar na taifid atá á gcoinneáil siar.

Déanann imscrúdaitheoirí measúnú ar shaincheisteanna dlíthiúla agus fíorasacha an cháis agus cuireann siad moltaí in iúl dom ina dhiaidh sin. Níl sé de nós ag m’Oifig aighneachtaí a mhalartú idir na páirtithe, cé go gcuirfear iad ar an eolas faoi aon saincheisteanna ábhartha a thiocfaidh chun cinn lena mbreithniú. Chomh maith leis sin, foráiltear leis na Rialacháin go bhféadfaidh mé iarraidh a mheas a bheith tarraingthe siar i gcás go gcuirfidh údarás poiblí faisnéis ar fáil don iarratasóir sula dtabharfar breith fhoirmiúil ar an achomharc.

Sa bhreith uaim an 24 Iúil 2015 maidir leis an gcás Marcus Dancey agus an Bord Pleanála (CEI/14/0001), phléigh mé le méid mo chumhachtaí faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Leagtar le hAirteagal 5 de na Rialacháin oibleagáidí ginearálta ar údaráis phoiblí an pobal a chur ar an eolas faoina chearta agus sonraítear leis na hoibleagáidí cáilíochta sonraí atá i bhfeidhm maidir le faisnéis faoin gcomhshaol. Ní fhéadfaidh na hoibleagáidí ginearálta sin a bheith ina n-ábhar d’achomharc chuig m’Oifig, áfach.

Measaim go bhfuil sé tábhachtach go ngníomhóidh iarratasóirí ar bhealach réasúnach agus de mheon macánta le linn dóibh a gcearta faoi na Rialacháin a fheidhmiú, ag féachaint do na hacmhainní teoranta atá ag údaráis phoiblí. Ba cheart d’iarratasóirí na hiarrataí uathu a leagan amach ar an mbealach is soiléire agus is féidir agus ba cheart dóibh dul i dteagmháil le húdaráis phoiblí nuair is gá chun na hiarrataí a bheachtú.

Faoi Airteagal 6 de na Rialacháin, ní mór an fhaisnéis atá á lorg a leagan amach ar an mbealach is sonraí agus is féidir san iarraidh. Chuir mé an fhoráil sin i bhfeidhm le déanaí in imthosca ina ndearna an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil iarracht shuntasach faisnéis a sholáthar do dhuine aonair. Beag beann ar an gcúnamh sin, is amhlaidh go raibh an iarraidh neamhbheacht go neamhréasúnach. Chinn mé, dá bhrí sin, go raibh údar ag an nGníomhaireacht lena chinneadh nach raibh an iarraidh bailí.

Forbairtí dearfacha le déanaí

Tá seans ann gurb eol do roinnt díbh cheana féin gur cáineadh m’Oifig i leith mainneachtain a feidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach tráthúil.

Go dtí le déanaí, ní bhfuair an Oifig aon leithdháileadh maoiniúcháin ar leith ón Stát agus, dá bharr sin, b’éigean di brath go hiomlán ar na hacmhainní a d’fhéadfadh Oifig an Choimisinéara Faisnéise a chur ar fáil di. Chruthaigh an méid sin ar fad moilleanna suntasacha ama ar achomhairc a phróiseáil.

Tá áthas orm a thuairisciú go raibh teagmháil dhearfach ann idir m’Oifig, an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sa bhliain seo a chuaigh thart maidir leis an bhfadhb a réiteach. Ceapadh beirt Imscrúdaitheoirí lánaimseartha chuig an Oifig i mí an Mheithimh 2015 agus tá dul chun cinn déanta ó shin i leith ar an riaráiste cásanna a laghdú. Tá naoi mbreith foilsithe agam ó mhí Iúil amach, agus tá gach ceann díobh ar fáil ar an suíomh Gréasáin ocei.ie.

Achoimrí ar chásanna le déanaí

CEI/14/0007 - Cairde Chomhshaol na hÉireann agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Sa chás Cairde Chomhshaol na hÉireann agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (CEI/14/0007), phléigh mé leis an gceist maidir le cé acu a bhí nó nach raibh údar ag an Roinn le diúltú d’iarraidh an achomharcóra ar rochtain ar réamhthuarascálacha agus ar dhoiciméid ghaolmhara a bhain leis an damáiste stoirme a rinneadh d’fheirmeacha éisc ar na Gaorthaí, Bá Bheanntraí, an 1 Feabhra 2014.  Bhain na taifid i gceist leis an imscrúdú a rinneadh ar chailleadh thart ar 230,000 bradán saothraithe.  Bhí an Roinn fós i mbun an phróisis fhoriomláin scrúdaithe agus bhreithniúcháin ar an ábhar tráth an athbhreithnithe. Mhaígh an Roinn gur cheart diúltú don iarraidh ar fhaisnéis ar an mbonn gur bhain sí le hábhar a bhí i gcúrsa a chríochnaithe agus le cumarsáidí inmheánacha faoi airteagail 9(2)(c) agus (d) de na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol.

Sa bhreith uaim, níor ghlac mé leis gur thug an nasc idir an fhaisnéis a iarradh agus an próiseas breithniúcháin a bhí ar siúl – agus a bheadh ar siúl ar feadh tréimhse éiginnte, de réir cosúlachta – bonn leordhóthanach le diúltú don iarraidh faoi airteagal 9(2)(c) de na Rialacháin.  Ag féachaint do chineál agus d’ábhar na dtuarascálacha a iarradh, chinn mé nár chuimsigh siad ábhar a bhí i gcúrsa a chríochnaithe ná doiciméid neamhchríochnaithe chun críocha airteagal 9(2)(c).  Cibé scéal é, agus aird á tabhairt agam ar chuspóir chóras na Rochtana ar Fhaisnéis faoin gComhshaol a léirítear sa chéad Aithris a ghabhann leis an Treoir, fuair mé gur mhó an leas poiblí a bheadh ag baint le nochtadh ná aon leas in-sainaitheanta a bheadh ag baint le diúltú.

CEI/14/0013 - Marine Terminals Limited agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Sa chás Marine Terminals Limited agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CEI/14/0013), d’iarr an t-achomharcóir rochtain ar chomhaid forfheidhmithe pleanála na Comhairle, lenar áiríodh sonraí faoi dhaoine aonair a rinne gearáin phleanála a bhain leis an achomharcóir féin.

D’áitigh an t-achomharcóir nach bhféadfaí an toimhde i bhfabhar rochtana a chur i bhfeidhm toisc gur bhain na gearáin le hastaíochtaí torainn isteach sa chomhshaol. Agus an triail a bhunaigh Cúirt Ghinearálta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa chás Stichting Greenpeace Nederland-v-Pesticide Action Network Europe (T-545/11) á cur i bhfeidhm agam, chinn mé nárbh ionann an fhaisnéis a iarradh agus faisnéis faoi astaíochtaí toisc nár bhain an fhaisnéis féin ar bhealach sách díreach le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol.

Tar éis dom a chinneadh nach raibh feidhm ag an toimhde astaíochtaí maidir leis an bhfaisnéis, rinne mé scrúdú ar na díolúintí atá leagtha amach faoi airteagail 8(a)(i) agus (ii) agus chinn mé, sna himthosca sin, go ndéanfadh eisiúint na ngearán pleanála dochar do leasanna na ndaoine aonair a bhí i gceist agus do rúndacht a bhfaisnéise pearsanta.

CEI/14/0017 - Wind Noise Info agus Comhairle Contae Loch Garman

Sa chás Wind Noise Info agus Comhairle Contae Loch Garman (CEI/14/0017), rinne eagraíocht ar líne anaithnid achomharc chuig an oifig seo tar éis breith a thug Comhairle Contae Loch Garman á rá nár bhailí a bhí iarraidh a rinneadh ar Twitter.

D’áitigh an Chomhairle nár comhlíonadh leis an iarraidh ceanglais Airteagal 6 de na Rialacháin toisc nár nochtadh ainm agus seoladh duine dhlítheanaigh ná duine nádúrtha inti.

Sa bhreith uaim, bhain mé feidhm as an gcur chuige léiritheach i leith na Rialachán, ar cur chuige é a leag an Chúirt Uachtarach amach sa bhreith ar an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA). Trí léiriú cuspóiriúil ar Threoir 2003/4 agus ar Choinbhinsiún Aarhus a ghlacadh agus trí Airteagal 11(5)(c) de na Rialacháin a chur i bhfeidhm, d’aimsigh mé go bhfuil an dlínse agam athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna faoina bhfuil i gceist le hiarraidh bhailí.

Tar éis dom saincheist mo dhlínse a shoiléiriú, rinne mé measúnú ar na ceanglais fhoirmiúla atá i bhfeidhm maidir le hiarrataí faoi Airteagal 6 de na Rialacháin. Ba dheimhin liom gur leor seoladh leictreonach comhfhreagrais amhail cuntas Twitter nó seoladh ríomhphoist chun críche iarraidh a dhéanamh.

Chinn mé gurb amhlaidh, chun iarraidh bhailí a dhéanamh, nach mór d’iarratasóir sonraí leordhóthanacha faoina (h)ainm a thabhairt chun go mbeidh léiriú réasúnta ar a (h)aitheantas ag duine ar bith atá ag léamh na hiarrata. Sa chás seo, níor dheimhin liom gur nochtadh ainm duine nádúrtha ná duine dhlítheanaigh le cuntas an iarratasóra ar leith ar Twitter.

Dhearbhaigh mé an athuair freisin gurb é cleachtas na hOifige seo go bhféadfaidh comhlachais neamhchorpraithe iarrataí a dhéanamh i gcás go gcuirtear sonraí duine nádúrtha ionadaíoch ar fáil.

CEI/13/0008 – Oliver Cassidy agus Coillte Teoranta

Bhain an t-achomharc seo le hiarraidh ar shonraí geografacha faoi chomhaontú rogha idir Coillte agus tríú páirtí tráchtála le haghaidh léasú tailte.

Tar éis dom a raibh san fhaisnéis a scrúdú, ba dheimhin liom gur comhlíonadh léi an sainmhíniú ar fhaisnéis faoin gcomhshaol mar gur áiríodh léi sonraí faoi bhearta agus faoi ghníomhaíochtaí ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’eilimintí den chomhshaol.

D’áitigh Coillte go raibh feidhm ag díolúintí a bhforáiltear dóibh le hAirteagail 8 agus 9 de na Rialacháin.

Chinn mé nach raibh feidhm ag Airteagal 8(a)(iv) mar nár cuimsíodh san fhaisnéis aon sonraí faoi nósanna imeachta rúnda Coillte. Sa chomhthéacs seo, thug mé a ghnáthchiall don fhocal “imeachtaí” chun tagairt a dhéanamh do phróisis a chuir Coillte i bhfeidhm le linn a chuid gníomhaíochtaí.

Chinn mé nach raibh údar faoi Airteagal 9(1)(c) leis an diúltú géilleadh do rochtain ar an bhfaisnéis toisc nach raibh sé réasúnach a rá go mbeadh drochthionchar ag nochtadh ar rúndacht tráchtála nó rúndacht thionsclaíoch i gcúinsí ina raibh comhpháirtí tráchtála Coillte i mbun an fhaisnéis chéanna a chur ar fáil don phobal.

Chinn mé nach bhféadfadh Coillte a bheith ag brath ar an díolúine a bhaineann le hábhar atá á chur i gcrích faoi Airteagal 9(2)(c) toisc gur cuireadh an comhaontú i gceist i gcrích go hiomlán, d’ainneoin na fírice nár chríochnaithe a bhí spriocanna tráchtála deiridh na scéime. Sa chomhthéacs seo, thug mé faoi deara gurb amhlaidh, cé gur cosúil gur míthreorach atá an fhaisnéis faoin gcomhshaol, nach dtugann sé sin údar le diúltú géilleadh do rochtain.  Tá de rogha ag údarás poiblí, agus é ag eisiúint faisnéis a chreideann sé a bheith míthreorach, faisnéis mhínitheach a chur ar fáil chun cabhrú le faighteoirí na faisnéise teorainneacha na faisnéise sin a thuiscint agus, ar an mbealach sin, gan iad a chur ar míthreoir.

Ar deireadh, chinn mé nach raibh feidhm ag an díolúine faoi Airteagal 9(2)(d) a bhaineann le cumarsáidí inmheánacha de chuid údaráis phoiblí toisc nár áiríodh lena raibh san fhaisnéis cumarsáidí inmheánacha ag Coillte agus nár bhain an fhaisnéis sin leo. Sa bhreith uaim, rinne mé tagairt do Threoirlínte na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, ina sonraítear “nach mbíonn feidhm acu [an díolúine do chumarsáidí inmheánacha] maidir le hábhair fhíorasacha, fiú nuair atá siad i bhfoirm réamhdhréachta nó dréachta..... Ina theannta sin, a luaithe atá faisnéis ar leith nochta ag an údarás poiblí do thríú páirtí, ní féidir a mhaíomh gur cumarsáid inmheánach í.”

Creidim gurb é an toradh atá ar na breitheanna sin a tugadh le déanaí, ar breitheanna iad lena léirítear na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol ar aon dul le breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ó chúirteanna Éireannacha, ná go dtugtar tuilleadh soiléire d’oibriú an chreata maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.

Conclúid

Mar Oifig, táimid tiomanta don sprioc um dhéileáil le hachomhairc ar bhealach tráthúil. Aithním go bhfuil bealach fada romhainn sula mbainfimid an sprioc sin amach. Is maith is eol dúinn go bhfuil seilfré ghairid ag faisnéis faoin gcomhshaol. Tá súil againn go mbeimid in ann ár bhfreagrúlacht a fheabhsú agus ár gcleachtais a bheachtú sa bhliain 2016. Ina ainneoin sin, aithnímse, faoi mar a d’aithin na Cúirteanna, gur ábhar casta a bhíonn ag athrú i gcónaí é seo agus is gnách go mbíonn díospóidí mionsonraithe ar an dlí agus ar na fíricí – díospóidí nach féidir a réiteach go simplí – i gceist leis an gcuid is mó de na cásanna.

Mar chonclúid, cé gur forbraíodh córas láidir um rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol in Éirinn, is saoráid é nach mbaintear go leor úsáide aisti. Is san aon réimse dlí amháin atá Saoráil Faisnéise agus Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, rud a chuireann mearbhall ar iarratasóirí, ar údaráis phoiblí agus ar na meáin. Tá cur chuige níos comhtháite i leith iarrataí ar fhaisnéis ag teastáil chun cuspóirí Choinbhinsiún Aarhus a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go dtugtar rochtain thráthúil don phobal ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.